Téarmaí agus Coinníollacha Ginearálta agus na Coinníollacha ar leith le haghaidh Coigilteas Stáit na hÉireann

Download Téarmaí agus Coinníollacha Ginearálta do Coigilteas Stáit na hÉireann (PDF)


Sainmhínithe

Téarmaí agus Coinníollacha Ginearálta

Bannaí Coigiltis Coinníollacha ar leith

Cairteacha Coigiltis Coinníollacha ar leith

Tráthchoigiltis Coinníollacha ar leith

Bannaí Dlúthpháirtíochta Náisiúnta Coinníollacha ar leith

Duaisbhannaí Coinníollacha ar leith


Sainmhínithe

Síos trí théacs na dTéarmaí agus na gCoinníollacha Ginearálta agus na gCoinníollacha ar leith, tá brí ar leith ag focail agus nathanna áirithe nuair a úsáidtear iad agus tá na bríonna seo a leanas ag na focail agus na nathanna:

‘Seoladh’

an seoladh poist a sholáthair tú dúinn agus atá taifeadta againn ar ár mbunacha(i)r inmheánach(a); ní mór duit aon athrú ar an seoladh poist a chur in iúl dúinn de réir choinníoll 20.5.

‘Gníomhaire’

duine a bhfuil údarú cuí acu nó comhlacht ag feidhmiú thar ceann GBCN.

‘Comhaontú’

na Téarmaí agus Coinníollacha Ginearálta, na Coinníollacha ar leith agus gach cáipéis eile a bhíonn mar chuid dár gcomhaontú leat.

‘An Post’

An Post, ag feidhmiú mar Ghníomhaire do Tháirgí Coigilteas Stáit thar ceann GBCN.

‘Foirm Iarratais’

an fhoirm iarratais nó an próiseas iarratais chun an Táirge infheidhme a cheannach.

‘Lá Gnó’

Luan go hAoine, seachas saoire phoiblí in Éirinn.

‘coinníoll’

i ndáil leis na Téarmaí agus Coinníollacha Ginearálta seo, ciallaíonn sé aon riail nó coinníoll.

‘Seirbhís do Chustaiméirí’

ár seirbhís do chustaiméirí i ndáil le Táirgí Coigilteas Stáit, ar féidir teacht uirthi ar an teileafón

‘Designated Account’

0818 20 50 60 / 01 705 7200, tríd an bpost ag Coigilteas Stáit na hÉireann, Ard-Oifig an Phoist, SAORPHOST,

‘Early Redemption’

Baile Átha Cliath 1, D01 F5P2, nó trí ríomhphost ag Service@StateSavings.ie nó mar a luaitear ar bhealach eile ar www.StateSavings.ie ó am go ham.

‘Cuntas Ainmnithe’

an chiall atá leis seo ná an chiall i gcoinníoll 10.10.

‘Fuascailt Luath’

fuascailt Táirge roimh a Dháta Aibíochta ina iomláine nó i bpáirt.

‘Seoladh Ríomhphoist’

an seoladh ríomhphoist a sholáthair tú dúinn agus atá taifeadta againn ar ár mbunacha(i)r inmheánach(a); ní mór duit aon athrú ar an seoladh ríomhphoist a chur in iúl dúinn de réir choinníoll 20.5.

‘Téarmaí agus Coinníollacha Ginearálta’

na téarmaí agus coinníollacha arna leagan amach sa cháipéis seo, ina bhfuil na rialacha, coinníollacha agus/nó an scéim infheidhmithe leis na Táirgí, arna leasú ó am go ham.

‘Sealbhóir’

tá an bhrí leis seo a thugtar dó sa sainmhíniú ar ‘Tusa’, ‘tú’, ‘do’ nó an ‘Sealbhóir’ thíos.

‘Coigilteas Stáit na hÉireann’

an t-ainm branda a úsáideann Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta.

‘Comhiarrthóirí’

daoine aonair a dhéanann iarratas le chéile chun Táirge a cheannach mar Chomhshealbhóirí.

‘Comhshealbhóirí’

Comhiarrthóirí a cheannaíonn Táirge agus a bhfuil an Táirge sin acu mar chomhúinéirí, mar Chomhshealbhóirí.

‘Dáta Aibíochta’

an dáta a dtagann an Táirge in aibíocht, arna leagan amach sna Coinníollacha ar leith.

‘Mionaoiseach’

duine aonair faoi 18 mbliana d’aois.

‘tuismitheoir nó caomhnóir ainmnithe’

tá an bhrí leis a thugtar dó i gcoinníoll 1.1(c).

‘GBCN’

Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta, Duga an Státchiste, Cé an Phoirt Thuaidh, Baile Átha Cliath 1, D01 A9T8, comhlacht stáit a bunaíodh chun an fiachas náisiúnta a bhainistiú  thar ceann an Aire Airgeadais agus chun feidhmeanna gaolmhara áirithe a chur i gcrích, lena n-áirítear tairiscint na dTáirgí thar ceann an Aire Airgeadais.

‘Oifig Phoist’

aon oifig phoist in Éirinn.

‘Príomh-mhéid’

príomh-mhéid do ghabháltais i dTáirge ag seasamh amach ag aon am.

‘Táirgí’

le chéile, luaitear go bhfuil feidhm ag na Tráthchoigiltis, na Bannaí Dlúthpháirtíochta Náisiúnta, na Bannaí Coigiltis, na Cairteacha Coigiltis, na Duaisbhannaí agus aon táirge Coigilteas Stáit na hÉireann eile a eisíonn an tAire Airgeadais ó am go ham ag feidhmiú trí GBCN lena mbaineann na Téarmaí agus Coinníollacha Ginearálta seo sna Coinníollacha Sonracha ábhartha, ar “Táirge” gach ceann díobh.

‘Clár’

an clár a choinníonn nó a choinnítear thar ceann GBCN i ndáil le gach cineál Táirge.

‘Carthanas Cláraithe’

ciallaíonn sé seo eagraíocht charthanachta atá cláraithe ar chlár na n-eagraíochtaí carthanachta (nó a mheastar a bheith cláraithe air de bhun Acht na gCarthanas, 2009 (arna leasú) a choinníonn an tÚdarás Rialála Carthanas.

‘Dáta Clárúchán;

ciallaíonn seo an dáta a luaitear mar dháta clárúcháin nuair a dheimhnítear clárúchán a eisíodh chugat de réir choinníoll 5.4.

‘Coinníollacha ar leith’

rialacha, coinníollacha agus /nó scéim a bhaineann go sonrach le táirge, a bhaineann le haon Táirgí Coigilteas Stáit.

‘Coigilteas Stáit ar Líne’

ciallaíonn sé seo an tseirbhís ar líne a sholáthraítear do Shealbhóirí incháilithe chun Táirgí atá ina seilbh acu a rochtain agus a bhainistiú.

‘Táirgí Coigilteas Stáit’

ciallaíonn seo an réimse táirgí coigiltis a chuireann an tAire Airgeadais ar fáil ag feidhmiú trí GBCN do choigilteoirí pearsanta, eadhon na Táirgí; agus (b) Cuntais Taisce (POSB) arna rialú ag reachtaíocht ar leith.

‘Téarma’

fad maireachtála Táirge, arna leagan amach sna Coinníollacha ar leith.

‘Idirbheart’

aon idirbheart i ndáil le Táirge.

Cuideachta na nDuaisbhannaí

Cuideachta na nDuaisbhannaí, Cuideachta Gníomhaíochta Ainmnithe (CGA), ag feidhmiú mar Ghníomhaire ag Coigilteas Stáit na hÉireann thar ceann GBCN.

‘Muid’, ‘Ár, ‘sinn’

GBCN agus/nó, de réir mar a éilítear sa chomhthéacs, a Ghníomhaire/í.

  

Téarmaí agus Coinníollacha Ginearálta

Forfheidhmiú agus Léirmhíniú

Cuireann an tAire Airgeadais ag feidhmiú trí GBCN na Táirgí ar fáil de bhun na gcumhachtaí a thugtar don GBCN san Acht um Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta, 1990 agus san Ordú um an Acht um Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta, 1990 (Tarmligean agus Dearbhú Feidhmeanna) 1990 (I.R. Uimh. 277 de 1990).

Na téarmaí agus coinníollacha ginearálta is infheidhme maidir le Tráthchoigilt, Bannaí Náisiúnta Dlúthpháirtíochta, Bannaí Coigiltis, Cairteacha Coigiltis agus Duaisbhannaí, tháinig siad i bhfeidhm ar an 5 Deireadh Fómhair 2014 agus ar an 5 Meitheamh 2016 agus rinneadh iad a leasú agus/nó a athdhearbhú roinnt uaireanta ón dáta sin i leith. Mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, déanfar tagairt do na Téarmaí agus Coinníollacha Ginearálta a áireamh mar thagairt do na téarmaí agus coinníollacha ginearálta sin a bhí ann níos luaithe, a leasaíodh agus a athdhearbhaíodh leis na Téarmaí agus Coinníollacha Ginearálta atá i bhfeidhm ón 31 Iúil 2024. Dá réir sin, le héifeacht ón 31 Iúil 2024, tá gach Táirge faoi réir na bhforálacha atá leagtha amach sna Téarmaí agus Coinníollacha seo, seachas aon Tráthchoigilt, Bannaí Náisiúnta Dlúthpháirtíochta, Bannaí Coigiltis agus Cairteacha Coigiltis a eisíodh roimh an 5 Deireadh Fómhair 2014 nó aon Duaisbhannaí a eisíodh roimh an 5 Meitheamh 2016.

I gcás coimhlinte nó doiléire idir na Téarmaí agus Coinníollacha Ginearálta agus na Coinníollacha ar leith seo, beidh feidhm ag na Coinníollacha ar leith. Féadfar na Téarmaí agus Coinníollacha Ginearálta seo a leasú ó am go ham de réir choinníoll 13 (Leasuithe leis na Téarmaí agus Coinníollacha Ginearálta seo).

  1. Cáilitheacht chun iarratas a dhéanamh ar cheannach / bealaí chun Táirge a shealbhú
    1. Faoi réir choinníoll 2 (Fianaise Aitheantais & Faisnéis Eile) agus coinníoll 14 (Lánrogha), is féidir leis na cineálacha iarrthóirí seo a leanas iarratas a dhéanamh ar Tháirgí a cheannach ach amháin sa chás go gcuirtear a mhalairt in iúl i bparagraf (e):
      1. duine aonair (seachas Mionaoiseach) astu féin; nó
      2. Comhiarrthóirí; nó
      3. Mionaoiseach, chomh fada is go ndéanann tuismitheoir nó caomhnóir an Mhionaoisigh sin an t-iarratas thar ceann an Mhionaoisigh nó go dtugann siad deimhniú i scríbhinn don iarratas. Tagraítear don tuismitheoir nó caomhnóir sin sna Téarmaí agus Coinníollacha Ginearálta seo mar ‘tuismitheoir nó caomhnóir ainmnithe’. Is féidir go n-éileoimis cáipéisíocht chun gaol an Mhionaoisigh leis an tuismitheoir nó an caomhnóir ainmnithe a dheimhniú agus ní féidir ionadaí a chur in áit an tuismitheora nó an chaomhnóra ainmnithe ach amháin lena d(h)eimhniú i scríbhinn nó le fianaise dhoiciméadach eile atá inghlactha dúinn; nó
      4. an duine dá dtagraítear in (a) nó (b) a cheannaíonn Táirgí (mar bhronntanas nó eile) do dhuine/dhaoine aonair nó Mionaoiseach/Mionaoisigh eile i gcás go mbeidh an duine eile nó an Mionaoiseach ina Sealbhóir; nó
      5. [ní bhaineann le Tráthchoigilt] Carthanas Cláraithe, comhlacht neamhchorpraithe nach bhfuil i mbun gnó, nó Cara-Chumann atá cláraithe le Cláraitheoir na gCara-Chumann, ag baint úsáid as an bhFoirm Iarratais shainiúil do Charthanas Cláraithe, comhlacht neamhchorpraithe nó cara-chumann.
    2. Féadfar Táirge a shealbhú ar na bealaí seo a leanas ach amháin san áit a gcuirtear a mhalairt in iúl i bparagraf (c):
      1. ag duine aonair amháin; nó
      2. le chéile mar Chomhshealbhóirí; nó
      3. [ní bhaineann le Tráthchoigilt] go haonarach ag Carthanas Cláraithe, comhlacht neamhchorpraithe nó cara-chumann.
    3. Ní féidir Táirgí a cheannach nó a shealbhú i rith trádála.
  2. Fianaise Aitheantais & Faisnéis Eile
    1. Iarrtar ort d’aitheantas a dheimhniú dúinn (lena n-áirítear do shloinne, do chéadainm, do dháta breithe agus do sheoladh) ó am go ham chun críocha:
      1. an Chomhaontaithe (aon Idirbheart san áireamh);
      2. riarachán do Tháirge/Tháirgí agus aon Táirge/Táirgí Coigilteas Stáit eile atá agat anois nó a bheidh agat amach anseo, agus
      3. cúinsí dlí lena mbaineann, lena n-áirítear comhlíonadh na n-oibleagáidí reachtúla maidir le cosc ar sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoirí agus maidir le haon treoir a eisíonn comhlachtaí rialála ábhartha, agus maidir le slándáil cuntais agus cosc calaoise.
    2. Tig linn d’aitheantas a fhíorú:
      1. go leictreonach (trí thagairt a dhéanamh d’fhaisnéis a thug tú, lena n-áirítear d’Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (UPSP)); nó
      2. de láimh (trí thagairt a dhéanamh do cháipéisíocht bhunaidh nó cóip dheimhnithe inghlactha a chuir tú ar fáil, lena bhféadfaí a áireamh do phas reatha, ceadúnas tiomána AE reatha, bille fóntais le déanaí, ráiteas bainc le déanaí ó bhanc, cumann foirgníochta nó comhar creidmheasa, do Chárta Seirbhísí Poiblí agus/nó cáipéisíocht oifigiúil eile a d’eisigh na Coimisinéirí Ioncaim nó an an Roinn Coimirce Sóisialaí duit.)
    3. I gcás nár thug tú fianaise aitheantais sásúil chun na gcríoch atá leagtha amach i gcoinníoll 2.1, cuirfimid é sin in iúl duit agus ní rachaimid ar aghaidh le d’iarratas chun an Táirge a cheannach go dtí go mbeidh do chéannacht deimhnithe chun ár sástachta. 
    4. Is féidir go n-éileoimis ort faisnéis áirithe eile a sholáthar dúinn faoi do náisiúntacht, stádas fostaíochta, foinse cistí (m.sh. coigilteas nó ioncam) agus faisnéis eile chun críocha chomhlíonadh na n-oibleagáidí reachtúla maidir le cosc ar sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoirí agus maidir le haon treoir a eisíonn comhlachtaí rialála ábhartha.
    5. Áit a n-éilítear ort faisnéis a sholáthar de bhun choinníoll 2.4 agus nach bhfuil sé sin déanta agat cuirfimid comhairle ort agus ní leanfaimid ar aghaidh le d’iarratas ar Tháirge a cheannach go dtí go soláthraítear an fhaisnéis a iarrtar dúinn.
  3. Sonraí Pearsanta
    1. Leagann an coinníoll 3 seo (Sonraí Pearsanta) amach achoimre de na sonraí pearsanta a d’fhéadfaimis a phróiseáil fút féin i dtaca leis na Táirgí, mar aon le hachoimre ar do chearta um chosaint sonraí. Tá cóip iomlán dár Ráiteas Cosanta Sonraí Coigilteas Stáit ar fáil ag https://www.statesavings.ie/help-support/help-articles/state-savings-data-protection-statement. Dá mb’fhearr leat cóip chrua den Ráiteas Cosanta Sonraí Coigilteas Stáit a fháil is féidir leat scríobh chugainn freisin chun cóip a iarraidh ag Oifigeach Cosanta Sonraí, Coigilteas Stáit na hÉireann, Ard-Oifig an Phoist, SAORPHOST, Baile Átha Cliath 1, D01 F5P2.
    2. Is é an GBCN Rialaitheoir (mar a shainítear é sa Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS), agus chun na críche sin) na sonraí pearsanta ar fad a thugann tú. Is ‘comhlacht sonraithe’ atá san Aire Airgeadais agus sa GBCN chun críocha ailt 262 go 270 agus sceideal 5 den Acht Comhdhlúite Leasa Shóisialaigh 2005, arna leasú, faoina bhfuil údarás ag an GBCN agus ag an Aire Airgeadais sonraí pearsanta a phróiseáil, UPSP san áireamh, chun críocha áirithe.
    3. Baileoimid, próiseálfaimid agus úsáidfimid sonraí pearsanta a bhaineann leat, lena n-áirítear do UPSP agus an fhaisnéis dá dtagraítear i gcoinníoll 2 (Fianaise Aitheantais & Faisnéis Eile):
      1. de réir mar is gá chun an Comhaontú (aon Idirbheart san áireamh) a fheidhmiú;
      2. i gcomhair riarachán do Tháirge/Tháirgí agus aon Táirge/Táirgí Coigilteas Stáit eile atá agat anois nó a bheidh agat amach anseo, agus
      3. i gcomhair cúinsí dlí lena mbaineann, lena n-áirítear comhlíonadh na n-oibleagáidí reachtúla maidir le cosc ar sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoirí agus maidir le haon treoir a eisíonn comhlachtaí rialála ábhartha, agus maidir le slándáil cuntais agus cosc calaoise.
    4. Admhaíonn tú bailiúchán, próiseáil agus úsáid do chuid sonraí pearsanta (do UPSP san áireamh) chun na críocha arna leagan amach in 3.3.
    5. Tig linn féin, lenár nGníomhairí agus aon soláthraithe seirbhíse tríú páirtí ag feidhmiú ar ár son sonraí pearsanta a phróiseáil chun críche an Chomhaontaithe agus chun críocha dlí lena mbaineann agus chun aon chríche eile a bhaineann le feidhmíocht an Chomhaontaithe nó aon ní eile a bhaineann leis go réasúnach.
    6. Coinneoimid do chuid sonraí pearsanta chomh fada is a bhíonn sealúchas agat le Coigilteas Stáit na hÉireann agus seachas sin de réir an dlí um chosaint sonraí agus na hoibleagáidí reachtúla infheidhmithe (lena n-áirítear reachtaíocht a bhaineann le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoirí).
    7. Faoi réir do thola, tig linn, nó lenár nGníomhairí, do shonraí pearsanta a úsáid chun críche margaíocht a dhéanamh ar Tháirgí Coigilteas Stáit. I gcás go bhfuil níos mó ná Táirge amháin agat, beidh feidhm ag na sainroghanna is déanaí a thug tú le fios ar gach Táirge atá agat lena mbaineann na Téarmaí agus Coinníollacha Ginearálta.
    8. Faoi réir eisceachtaí áirithe i ngach cás, tá sé de cheart agat rochtain a iarradh agus cóip a fháil de do chuid sonraí pearsanta a choinnímid de réir an GDPR, do chuid sonraí pearsanta a cheartú i gcás go bhfuil siad míchruinn nó míthreorach, srianadh a iarraidh maidir leis an úsáid a bhaintear as do shonraí pearsanta, do thoiliú a aistarraingt maidir le próiseáil do shonraí pearsanta, áit a mbraithimid ar do thoiliú chun iad a phróiseáil, do chuid sonraí pearsanta a scriosadh, agóid a dhéanamh i gcoinne próiseáil do chuid sonraí pearsanta, iniomparthacht na sonraí i ndáil le do chuid sonraí pearsanta a iarradh. Más mian leat úsáid a bhaint as ceann ar bith de na cearta seo, déan teagmháil leis an Oifigeach um Chosaint Sonraí, Coigilteas Stáit na hÉireann, Ard-Oifig an Phoist, SAORPHOST, Baile Átha Cliath 1, D01 F5P2.

      Tá sé de cheart agat freisin gearán a dhéanamh le an Coimisiún um Chosaint Sonraí. Feic www.dataprotection.ie i gcomhair tuilleadh eolais.
  4. Íocaíocht

    Mura gceadaímid a mhalairt, caithfear íocaíochtaí as ceannachán Táirgí a dhéanamh in euro, le modhanna íocaíochta a ghlacaimid leo ó am go ham.

  5. Cláir
    1. Nuair a bheidh fianaise ar do chéannacht agus gach faisnéis a iarrtar curtha ar fáil dúinn de réir choinníoll 2 (Fianaise ar Chéannacht & Faisnéis Eile) agus nuair a ghlacfar le d’iarratas ar Tháirge a cheannach, agus nuair a thugtar fianaise aitheantais go sásúil faoi choinníoll 2 (Fianaise Aitheantais), taifeadfaimid d’ainm(neacha) agus Príomh-mhéid an Táirge sa Chlár infheidhme leis an Táirge sin, agus beidh an Clár ina thaifead oifigiúil den Sealbhóir/de na Sealbhóirí agus de Phríomh-mhéid an Táirge sin.
    2. Ní bheimid freagrach as aon mhoill a d’fhéadfadh tarlú agus d’iarratas chun ceannacháin á phróiseáil mar gheall ar iarratas neamhiomlán a chur isteach nó mura gcuireann tú fianaise ar chéannacht nó aon fhaisnéis a iarrtar ar fáil dúinn de réir choinníoll 2 (Fianaise ar Chéannacht & Faisnéis Eile) nó eile. Go háirithe, ba cheart go dtabharfá faoi deara go bhféadfadh sé nach mbeadh an Táirge (lena n-áirítear an “Eisiúint” ábhartha de) a ndearna tú iarratas air ar fáil níos mó faoin am go mbíonn an próiseas dá dtagraítear i gcoinníoll 5.1, mar gheall ar aon mhoill de do chuid. Sa chás seo, déanfaimid teagmháil leat chun do threoracha nua a lorg.
    3. D’fhéadfadh na Cláir bheith ar fáil ar pháipéar nó go leictreonach nó go páirteach i bhfoirm amháin agus i bhfoirm eile, i ngach cás, faoi rogha an GBCN.
    4. Cuirfimid deimhniú clárúcháin i scríbhinn ar fáil (lena n-áirítear do Dháta Clárúcháin) a luaithe a bheidh an próiseas clárúcháin dá dtagraítear sa choinníoll 5 (Cláir) seo curtha i gcrích.
    5. Aon ús nó bónas a d’fhéadfadh fabhrú i ndáil le Táirge, fabhróidh sé de réir na Sainchoinníollacha don Táirge sin.
  6. Ráiteas Sealúchais
    1. Cuirfimid ráiteas séalúchais ar fáil duit ar bhonn bliantúil. Is féidir leat, tráth ar bith, ráiteas eatramhach i leith do shéalúchais a iarraidh.
    2. Mura gcomhaontaítear a mhalairt leat, is féidir go ndéanfaí ráitis a sholáthar duit trí an bpost chuig do Sheoladh, ar ríomhphost chuig do Sheoladh Ríomhphoist, nó trí Choigilteas Stáit ar Líne (áit ar chláraigh tú do Choigilteas Stáit ar Líne).
    3. Is féidir leat do ráiteas sealúchais a iarraidh i bhfoirm páipéir, agus sa chás sin cuirfear ráiteas páipéir ar fáil duit tríd an bpost chuig do Sheoladh.
    4. A luaithe agus a fhaigheann tú aon ráiteas ba cheart duit é a scrúdú go cúramach agus aon idirbheart, earráid, nó easnamh a thuairisciú chugainn a luaithe agus is féidir. Má aontaímid go bhfuil na hiontrálacha ábhartha mícheart nó má aimsímid aon earráidí nó easnaimh, leasóimid do ráiteas dá réir.
    5. Tá sé de fhreagracht ortsa a chinntiú go stóráiltear gach ráiteas agus cumarsáid agus comhfhreagras eile  a fhaigheann tú uainn go slán.
  7. Cealú (iarratais phoist, theileafóin agus ar líne amháin)
    1. I gcás go ndéantar iarratas chun Táirge a cheannach tríd an bpost, ar an teileafón nó ar líne tríd an Suíomh Gréasáin nó Coigilteas Stáit ar Líne, féadfaidh an Sealbhóir an Comhaontú a chealú gan aon chúis a thabhairt dúinn laistigh de 14 lá ó fuarthas dearbhú an chlárúcháin (lena n-áirítear Dáta Cláraithe an tSealbhóra) dá dtagraítear i gcoinníoll 5.4.
    2. Is féidir an ceart leis an gComhaontú a chealú faoin gcoinníoll seo a chur i bhfeidhm trí threoir scríofa, sínithe a sheoladh chuig Seirbhís do Chustaiméirí (tríd an bpost), laistigh den tréimhse cealaithe dá dtagraítear i gcoinníoll 7.1.
    3. Má chealaíonn an Sealbhóir an Comhaontú de réir an choinníll seo, aisíocfar méid an cheannacháin chuig an Sealbhóir a luaithe agus is indéanta, cealófar an Táirge agus leasófar an Clár. Chun amhras a sheachaint, i gcás go gcealaítear an Comhaontú, caithfear leis amhail is nach raibh feidhm aige riamh, agus ní bheidh aon ús, bónas nó méid eile os cionn méid an cheannacháin iníoctha.
    4. Mura bhfeidhmíonn an Sealbhóir a cheart chun an Comhaontú a chur ar ceal de réir an choinníll seo, leanfaidh téarmaí an Chomhaontaithe ag feidhmiú.
  8. Comhshealbhóirí
    1. Aithníonn gach Comhshealbhóir go bhfuil úinéireacht aige nó aici ar an Táirge ar bhonn comhúinéireachta leis na Comhshealbhóirí eile agus go mbeidh sé nó sí comhfhreagrach as gach ní i ndáil leis an Táirge agus an Comhaontú.
    2. D'ainneoin aon díospóide idir Comhshealbhóirí, leanfaimid ag brath ar na treoracha sínithe reatha arna leagan amach san Fhoirm Iarratais mura nó go dtí go bhfaighidh muid treoracha scríofa nua ó na Comhshealbhóirí.
    3. Má fhaigheann aon Chomhshealbhóir bás, téann luach an tsealúchais ar aghaidh go dtí an Comhshealbhóir/na Comhshealbhóirí marthanacha, agus nuair a chuirtear ar an eolas muid faoin bhás an Chomhshealbhóra de réir choinníll 17 (Bás Sealbhóra) bainfimid ainm an Chomhshealbhóra básaithe ón gClár agus/nó cuirfimid taifead sa Chlár go bhfuil an Comhshealbhóir ábhartha básaithe.
    4. Seachas ráitis bhliantúla a sheoltar chuig gach Comhshealbhóir faoi choinníoll 6.1, agus mura gcuireann tú in iúl a mhalairt i scríbhinn, tabharfar gach fógra, cumarsáid agus comhfhreagras i ndáil le Táirge de chuid Comhshealbhóirí go bailí má sheoltar iad chuig an gcéad Comhshealbhóir ainmnithe arna liostú ar an bhFoirm Iarratais ábhartha.
    5. Tá coinníollacha breise infheidhmithe le Comhshealbhóirí arna sonrú sna Téarmaí agus Coinníollacha Ginearálta seo.
  9. Mionaoisigh

    I gcás gur Mionaoiseach an Sealbhóir, tá Idirbhearta faoi réir deimhnithe scríofa óna t(h)uismitheoir/c(h)aomhnóir ainmnithe. Nuair a shroicheann sé nó sí a 18ú breithlá, faoi réir fianaise ar chéannacht agus gach faisnéis a iarrtar a bheith curtha ar fáil dúinn de réir choinníoll 2 (Fianaise ar Chéannacht & Faisnéis Eile), beidh an Sealbhóir i dteideal iarratas a dhéanamh, treoir a thabhairt agus Idirbhearta a chur i gcrích gan bheith faoi réir deimhnithe scríofa an tuismitheora/chaomhnóra ainmnithe.

  10. Aibíocht agus Fuascailt Luath
    1. Mura raibh Táirge faoi réir Fuascailte Luatha roimh réidh, tiocfaidh sé in aibíocht ar a Dháta Aibíochta. Ní fhabhróidh aon ús, bónas ná méid eile i ndáil le Táirge ar an Dáta Aibíochta nó ina dhiaidh sin.
    2. Féadfaidh tú Fuascailt Luath Táirge a iarradh tar éis fógra 7 Lá Oibre a thabhairt:
      1. i scríbhínn tríd an bpost chuid Coigilteas Stáit na hÉireann, Ard-Oifig an Phoist, SAORPHOST, Baile Átha Cliath 1, D01 F5P2; nó
      2. áit a bhfuil tú cláraithe do Choigilteas Stáit na hÉireann, trí Choigilteas Stáit ar Líne do shealúcháis ábhartha, 
        i ngach cás ar leith, san fhoirm nó ar an gcaoi a n-éilítear chun na críche sin.
    3. Laghdóidh aon Fhuascailt Luath pháirteach an Príomh-mhéid den mhéid a fuasclaíodh trí Fhuascailt Luath.
    4. I gcás Mionaoiseach, caithfidh an tuismitheoir nó caomhnóir an treoir a thabhairt don Fhuascailt Luath thar ceann an Mhionaoisigh nó dearbhú a thabhairt i scríbhinn maidir leis an bhFuascailt Luath.
    5. Caithfidh gach Comhshealbhóir (nó marthanach/marthanaigh i measc na ndaoine sin) an fhoirm a shíniú chun fógra a thabhairt le Fuascailt Luath a iarradh (nó chun an t-iarratas ar Fhuascailt Luath a dheimhniú trí aon mhodh eile a theastaíonn uainn). I gcás gur Mionaoiseach atá i gceann ar bith de na Comhshealbhóirí, caithfidh an tuismitheoir nó caomhnóir ainmnithe an treoir a thabhairt don Fhuascailt Luath thar ceann an Mhionaoisigh nó deimhniú a thabhairt i scríbhinn maidir leis an bhFuascailt Luath.
    6. I gcás Táirge atá i seilbh Carthanas Cláraithe, comhlachta neamhchorpraithe nó cara-chumainn, caithfidh an duine/na daoine a aithnítear faoi láthair a bheith i dteideal Fuascailt Luath a ghairm don Táirge thar ceann an Charthanais Chláraithe, an chomhlacht neamhchorpraithe nó an cara-chumainn an fhoirm a thugann fógra maidir le Fuascailt Luath a shíniú.
    7. Tráth Fuascailte Luath Táirge, mura n-aontaítear a mhalairt, íocfar na fáltais leat de réir na dtreoracha a trí ríomhaistriú airgid chuig do Chuntas Ainmnithe.
    8. Ar a laghad 10 Lá Gnó roimh an Dáta Aibíochta, déanfaimid teagmháil leat i scríbhinn:
      1. chun tú a chur ar an eolas maidir leis an Dáta Aibíochta agus an t-iomlán iníoctha leat; agus
      2. lena iarradh ort treoracha a thabhairt maidir le híocaíocht na suime sin.

        Coinneoimid an t-iomlán iníoctha leat go dtí go bhfaighimid treoracha. Ba cheart duit a thabhairt faoi deara, mar a luadh i gcoinníoll 10.1, ní fhabhróidh aon ús, bónas ná méid eile i ndáil le Táirge ar an Dáta Aibíochta nó ina dhiaidh sin.


    9. Tagraíonn an t-ordú dá dtagraítear i gcoinníoll 10.8(b) don ordú uaitse dúinne an méid iomlán atá iníoctha leat i dtaca le do Tháirge Aibithe a aisíoc agus/nó a athinfheistiú i dTáirgí eile. Ní mór a leithéid d’ordú a chur i scríbhinn tríd an bpost chuig Coigilteas Stáit na hÉireann, Ard-Oifig an Phoist, SAORPHOST, Baile Átha Cliath 1, D01 F5P2, seachas nuair atá an chumarsáid dá dtagraítear i gcoinníoll 10.8 faighte agat uainne trí Choigilteas Stáit ar Líne, agus ina leithéid de chás féadfar a leithéid d’ordú a thabhairt trí Choigilteas Stáit ar Líne, san fhoirm nó ar an gcaoi a n-éilítear chun na críche sin. Déanfar aon aisíocaíoctaí a dhéantar ina leith seo a íoc leat trí ríomhaistriú airgid chuig do Chuntas Ainmnithe, mura n-aontaítear a mhalairt.
    10. Is éard is “Cuntas Ainmnithe” ann cuntas bainc i d’ainm atá ainmnithe agatsa dúinne. I ndáil le Comhshealbhóirí, ní mór don chuntas bainc a ainmníonn tú dúinn a bheith in ainm ar a laghad duine de na Comhshealbhóirí. Is féidir go n-éileoimis ort fianaise dhoiciméadach a sholáthar dúinn d’fhonn ainm(neacha) cuntais agus an uimhir idirnáisiúnta cuntais bainc (IBAN) an Chuntais Ainmnithe a dheimhniú, chun ár sástachta.
    11. D’fhéadfadh gach íocaíocht leat a bheith faoi réir thréimhse imréitigh agus ní bheimid freagrach as aon mhoill a eascróidh as próiseáil aon íocaíocht den chineál sin ag an institiúid airgeadais glactha.
  11. Críochnú/Fionraí
    1. Beidh ort féin nó ar d’ionadaí dlíthiúil fógra i scríbhinn a thabhairt dúinn láithreach nuair a tharlaíonn aon cheann de na himeachtaí arna liostú in (a) go (d) thíos. Má fhaighimid eolas maidir le haon imeachtaí arna liostú in (a) go (h) thíos (ar bhealach ar bith), is féidir go gcuirfimis, dár lánrogha féin, deireadh láithreach leis an gComhaontú, an seilbh atá agat ar aon Táirge lena mbaineann na Téarmaí agus Coinníollacha Ginearálta seo a chur ar fionraí agus/nó a fhoirceannadh agus aon Idirbheart lena mbaineann siad a chur ar fionraí:
      1. Meastar go bhfuil tú féimheach faoi dhlí na hÉireann nó go ndearnadh ordú cúirt féimheachta eachtrach i do choinne i ndlínse eile nó téann tú isteach i socrú le do chreidiúnaithe go deonach;
      2. Do cholscaradh, scaradh dlíthiúil nó forógra scaoilte (Comhshealbhóirí amháin);
      3. I ndáil le Carthanas Cláraithe, comhlacht neamhchorpraithe nó cara-chumann, tionóltar cruinniú nó glactar céimeanna chun críche breith  a dhéanamh ar réiteach nó díscaoileadh an Charthanais Chláraithe, chomhlacht neamhchorpraithe nó chara-chumann;
      4. dhearbhaigh cúirt nó údarás inniúil eile nach bhfuil ar do chumas do ghnóthaí airgeadais a bhainistiú;
      5. déanann tú aon sárú tromchúiseach, nó athfhillteach ar an gComhaontú;
      6. Ní mór dúinn an Comhaontú a chríochnú nó an seilbh atá agat ar aon Táirge a chur ar fionraí agus/nó a fhoirceannadh d’fhonn aon riachtanas dlíthiúil a chomhlíonadh;
      7. Ní sholáthraíonn tú fianaise ar chéannacht agus/nó faisnéis eile a iarrtar, nó nílimid sásta leis an bhfianaise ar chéannacht agus/nó fianaise iarrtha eile a sholáthraíonn tú, i ngach cás, de bhun choinníoll 2 (Fianaise ar Chéannacht & Fianaise Eile); nó
      8. Úsáideann tú Táirge chun aon chríocha neamhdhlíthiúil nó míchuí eile.
    2. Má ghlacaimid aon ghníomh de réir an choinníll seo, tabharfaimid fógra i scríbhinn duit a luaithe agus is indéanta go praiticiúil ina dhiaidh sin.
  12. Gearáin
    1. Má tá gearán agat, féadfaidh tú do ghearán a chlárú de réir ár nós imeachta gearán, atá foilsithe ar an Suíomh Gréasáin agus atá ar fáil ag gach Oifig Phoist.
    2. Déileálfar le haon ghearán a fhaightear de réir ár nós imeachta gearán i gcomhréir leis na rialacha ábhartha is infheidhme maidir le cosaint sonraí.
  13. Leasuithe leis na Téarmaí agus Coinníollacha Ginearálta seo
    1. Féadfaimid na Téarmaí agus Coinníollacha Ginearálta seo a leasú ag am ar bith ar na cúiseanna seo a leanas:
      1. Chun coinníollacha oibríochtúla nó leibhéil seirbhíse a chothabháil nó a fheabhsú;
      2. Le dul i ngleic le hathruithe tuartha, nó athruithe réadúla, i gceanglais dlí; 
      3. Chun athruithe le costas seirbhíse a chur ar fáil duit a léiriú;
      4. Chun aon fhorbairtí inár gcórais, seirbhísí, teicneolaíocht nó táirgí a léiriú;
      5. Chun rialú cúirte nó údarás inniúil eile a chur san áireamh;
      6. Chun an Comhaontú a dhéanamh níos cothroime nó níos soiléire duit;
      7. Chun aon bhotún a aimsíodh i gcúrsaí cuí a réiteach;
      8. Chun aon athrú i gcleachtais ghinearálta GBCN a bhaineann le Coigilteas Stáit na hÉireann a léiriú; nó
      9. Le ceadú dúinn seirbhísí/táirgí breise a chur ar fáil duit.
    2. Má dhéanaimid aon athruithe dá dtagraítear i gcoinníoll 13.1, tabharfaimid réamhfhógra dhá mhí duit, mura ndéanaimid cinneadh gur tréimhse fógra réasúnta is ea tréimhse réamhfhógra níos giorra sna cúinsí, trí cheann amháin ar a laghad de na modhanna seo: foilsiú i nuachtán náisiúnta; foilsiú ar an Suíomh Gréasáin; fógra a chur go díreach chugat tríd an bpost, Coigilteas Stáit ar Líne (áit a bhfuil tú cláraithe do Choigilteas Stáit ar Líne), nó ríomhphost chuig do Sheoladh Ríomhphoist; nó fógra ar aon bhealach eile. Mura ndéanann tú teagmháil linn laistigh den tréimhse fógra infheidhmithe lena insint dúinn nach n-aontaíonn tú leis an athrú/na hathruithe a mholaimid, measfar gur ghlac tú leis an athrú/na hathruithe sin. Murar mian leat glacadh leis an athrú/na hathruithe beartaithe ní mór duit, i rith na tréimhse fógra infheidhmithe, críoch láithreach a chur leis an gComhaontú agus treoir a thabhairt dúinn do Tháirge/Tháirgí a fhuascailt arna leagan amach i gcoinníoll 10 (Aibíocht agus Fuascailt Luath). Íocfar na fáltais leat de réir choinníoll 10.7.
  14. Lánrogha

    Mar aon lenár gcearta faoi choinníoll 11 (Críochnú/Fionraí), coimeádaimid na cearta seo a leanas atá infheidhmithe faoinár lánrogha iomlán:

    1. an ceart le haon iarratas chun Táirge a cheannach a dhiúltú;
    2. an ceart le haon Idirbheart a dhéanamh a dhiúltú:
      1. má tá amhras réasúnach againn maidir le:
        1. aitheantas nó údarás an duine a iarrann an tIdirbheart; nó
        2. dlíthiúlacht an Idirbhirt; nó
        3. glanadh aon chistí a theastaíonn chun an tIdirbheart a shásamh; nó
        4. comhlíonadh an Idirbhirt leis an gComhaontú seo; nó
      2. mura bhfuil na treoracha a fuarthas uait soiléir, iomlán ná san fhoirm a theastaíonn uainn; nó
      3. dá sáródh an tIdirbheart aon teorainn infheidhmithe nó dá mbeadh sé srianta ar aon bhealach eile faoin gComhaontú seo.
  15. Teorainneacha ar Dhliteanas
    1. Ní bheimid freagrach as aon chaillteanas a tharlaíonn duit murar féidir Idirbheart a dhéanamh mar thoradh ar ghníomh tionsclaíoch, teipeadh cumhachta, mífheidhmeanna nó córais nó líonraí uathoibrithe nó aon chúis eile nach féidir linn nó nGníomhairí nó fochonraitheoirí a smachtú.
    2. Ní bheimid faoi dhliteanas (i gconradh, tort nó eile) as aon chaillteanas ná damáiste a tharlaíonn duit mar thoradh ar an gComhaontú seo nó aon ghníomh a glacadh ag brath ar an bhfaisnéis atá sa Chomhaontú nó na seirbhísí a ndéantar cur síos orthu sa Chomhaontú seo, seachas i gcás mórfhaillí nó mainneachtain toiliúil arna ndéanamh againn/nó ár nGníomhairí agus dualgais á ndéanamh faoin gComhaontú seo.
    3. Ní bheimid faoi dhliteanas, faoi aon chúinsí, as aon chaillteanas ná damáistí neamhdhíreacha ná iarmhartacha.
    4. Ní bheimid faoi dhliteanas as brath le hintinn mhaith ar aon fhaisnéis mhíchruinn a fuarthas uaitse.
    5. Ní bheimid faoi dhliteanas i ndáil le haon íocaíocht a rinneadh nó ar tugadh faoi i ndea-thoil faoin gComhaontú seo, agus measfar gur íocaíocht nó gníomh bailí atá in aon íocaíocht nó gníomh den chineál sin ar tugadh faoi agus is ionann sin agus comhlíonadh iomlán ár ndliteanas chun íocaíocht den chineál sin nó gníomh den chineál sin a dhéanamh. Ní choiscfidh aon rud sa choinníoll seo aisghabháil aon Sealbhóra aon airgead atá dlite go dlíthiúil don Sealbhóir sin ón bpáirtí lena ndearnadh an íocaíocht, ná ní bheidh tionchar aige ar cheart a d’fhéadfadh a bheith ag aon Sealbhóir in aghaidh tríú páirtí i ndáil le Táirge ábhartha.
    6. Ní bheimid faoi dhliteanas (i gconradh, tort nó eile) i leith caillteanais nó damáiste a fhulaingíonn tú ag eascairt as IBAN nó sonraí cuntais atá míchruinn nó mícheart a sholáthraíonn tú i dtaca leis an gCuntas Ainmnithe.
  16. Sannadh

    Seachas mar a fholaítear i gcoinníoll 17 (Bás Sealbhóra), ní féidir leat an Táirge nó do chearta faoin gComhaontú a shannadh nó a aistriú ar bhealach eile.

  17. Bás Sealbhóra
    1. Ní mór bás aon Sealbhóra a chur in iúl dúinn.
    2. I gcás bás Sealbhóra (nó, i gcás Comhshealbhóirí, bás an Chomhshealbhóra marthanaigh deiridh), ní cheadóimid ach Idirbhearta a thosaíonn seiceadóir an tSealbhóra básaithe nó an duine a bhfuil údarás dlíthiúil acu feidhmiú i riaradh eastát an tSealbhóra básaithe. Féadfaidh na daoine sin:
      1. iarratas a dhéanamh ar Fhuascailt Luath; nó
      2. iarradh go n-aistreofaí an Táirge chuig an duine atá i dteideal go dlíthiúil tairbhe an Táirge a fháil (chomh fada is go mbeadh an duine sin incháilithe iarratas a dhéanamh chun an Táirge lena mbaineann a cheannach faoi choinníoll 1 agus go bhfuil fianaise céannachta an duine sin mar aon le fianaise eile a iarrtar curtha ar fáil dúinn de réir choinníoll 2 (Fianaise ar Chéannacht & Faisnéis Eile) agus gur cuireadh síniú reatha ar fáil), agus sa chás sin taifeadfar an t-athrú úinéireachta sa Chlár.
    3. Beidh fianaise ag teastáil uainn maidir le húdarás dlíthiúil aon duine atá ag iarraidh Idirbheart a thosú faoi choinníoll 17.2.
  18. Neamhbhailíocht

    Má mheastar aon fhoráil sa Chomhaontú a bheith do-infheidhmithe, ní bheidh tionchar aige ar bhailíocht ná in-fhorfheidhmitheacht na bhforálacha eile sa Chomhaontú.

  19. Gan Tarscaoileadh

    Ní hionann aon teip ná moill a dhéanaimid i bhforfheidhmiú aon choinníoll sa Chomhaontú agus tarscaoileadh an choinníll sin.

  20. Cumarsáidí agus Fógraí
    1. Mura n-aontaítear a mhalairt leat, aon chumarsáid uainne chugatsa a bhaineann go sainiúil le do shealúchas, cuirfear sin ar fáil duit trí Choigilteas Stáit ar Líne (áit a bhfuil tú cláraithe do Choigilteas Stáit ar Líne) agus/nó ar ríomhphost chuig do Sheoladh Ríomhphoist agus/nó tríd an bpost chuig do Sheoladh.
    2. Meastar gur tugadh duit go bailí gach fógra agus cumarsáid de chineál ginearálta (seachas cumarsáid dá dtagraítear i gcoinníoll 20.1) má:
      1. Fhoilsímid iad tríd an Suíomh Gréasáin (nó ar bhealach leictreonach eile) agus/nó má fhoilsímid iad i nuachtán náisiúnta agus/nó má chraolaimid iad ar theilifís nó raidió náisiúnta; nó
      2. Sheolaimid iad chuig do Sheoladh; nó
      3. Má chuirimid ar fáil duit iad trí Choigilteas Stáit ar Líne (áit a bhfuil tú cláraithe do Choigilteas Stáit ar Líne); nó
      4. Má chuirimid chugat iad ar ríomhphost chuig do Sheoladh Ríomhphoist
    3. Seachas a bhfuil foráilte i gcoinníollacha 10.2 agus 10.9, ní mór gach fógra nó cumarsáid uait chugainn maidir le hIdirbheart a mbíonn tionchar aige ar luach do shealúchais i dTáirge agus/nó an t-ainm taifeadta ar an gClár i ndáil le Táire, a shíniú agus a sheachadadh tríd an bpost chuig Coigilteas Stáit na hÉireann, Ard-Oifig an Phoist, SAORPHOST, Baile Átha Cliath 1, D01 F5P2.
    4. Féadfar gach fógra agus cumarsáid eile uait chugainn i ndáil leis an gComhaontú nó an Táirge a thabhairt dúinn i scríbhinn tríd an bpost chuig Coigilteas Stáit na hÉireann, Ard-Oifig an Phoist, SAORPHOST, Baile Átha Cliath 1, D01 F5P2 nó trí ríomhphost chuig 
       Service@StateSavings.ie.
    5. Más mian leat d’ainm agus/nó do Sheoladh agus/nó an áit a bhfuil tú cláraithe do Choigilteas Stáit ar Líne, d’uimhir theileafóin póca a athrú, ní mór duit fógra i scríbhinn faoin athrú sin a sholáthar san fhoirm nó ar an gcaoi a éilítear chun na críche sin agus is féidir go n-iarrfaimis ort fianaise bhunaidh dhoiciméadach a chur ar fáil chun tacú leis an athrú sin. San áit a bhfuil tú cláraithe do Choigilteas Stáit ar Líne, is féidir leat athrú ar do Sheoladh Ríomhphoist a chur in iúl dúinn trí Choigilteas Stáit ar Líne san fhoirm nó ar an gcaoi a éilítear chun na críche sin. I ndáil le gach athrú eile ar eolas teagmhála a bhaineann leat, is féidir leat sin a chur in iúl dúinn i scríbhinn de réir choinníoll 20.4.
    6. Seoltar aon cháipéisí, cumarsáid, comhfhreagras agus míreanna eile chugainn ar do phriacail féin amháin.
    7. Gan dochar do riachtanais Achtanna na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus 2021, agus mura n-aontaítear a mhalairt idir muid agus tusa, beidh gach cáipéisíocht, faisnéis agus cumarsáid eadrainn i mBéarla.
    8. Chun tusa a chosaint, nuair a ghlaonn tú ar ár Seirbhís do Chustaiméirí, b’fhéidir go mbeadh ort ceisteanna slándála a fhreagairt bunaithe ar an bhfaisnéis a chuir tú ar fáil ar an bhFoirm Iarratais nó a thug tú dúinn ar bhealach eile. Iarrtar ort chomh maith féachaint ar choinníoll 22 (Taifeadadh) thíos maidir lenár dteidlíocht chun comhráite teileafóin a mhonatóiriú nó a thaifeadadh.
  21. Soláthar Faisnéise

    Tá na bróisiúir reatha arna bhfoilsiú againn maidir le Táirgí, na Téarmaí agus Coinníollacha Ginearálta agus na Coinníollacha ar leith seo ar fáil:

    1. ar an Suíomh Gréasáin; nó
    2. ar iarratas ó Sheirbhís do Chustaiméirí; nó
    3. ag Oifigí Poist.
  22. Taifeadadh
    1. Féadfaimid ó am go ham monatóireacht nó taifeadadh a dhéanamh ar chomhráite teileafóin eadrainn chun na críocha arna leagan amach i gcoinníoll 22.2. Réadmhaoin dár gcuid a bheidh in aon taifeadadh teileafóin den chineál sin. Toilíonn tú gur féidir taifeadadh den chineál sin a úsáid mar thaifid agus mar fhianaise de na comhráite a taifeadadh iontu agus gur féidir linn na taifid sin (nó tras-scríobh de) a úsáid i bhfianaise in aon dlíthíocht, eadráin nó imeachtaí um réiteach díospóide eile i ngach cás de réir mar a cheadaíonn an dlí.
    2. Déantar na taifid sin ar mhaithe leis an méid a leanas:
      1. oiliúint agus rialú cáilíochta;
      2. tusa, agus ár bhfostaithe agus Gníomhairí a chosaint in aghaidh míchéille nó líomhain bhréagach;
      3. monatóireacht a dhéanamh ar chomhlíonadh nósanna imeachta infheidhmithe;
      4. fíricí a bhunú atá ábhartha dár ngnó;
      5. úsáid neamhúdaraithe, nó mí-úsáid ar ár gcórais chumarsáid a bhrath; agus
      6. cuidiú le haon réiteach díospóide.
  23. Dlí Rialaithe agus Dlínse
    1. Tá an Comhaontú agus na Táirgí agus ár gcuid gnóthaíochta ar fad leat faoi réir, agus forléirithe de réir, dhlíthe na hÉireann.
    2. Beidh dlínse eisiata ag cúirteanna na hÉireann chun aon díospóidí a éiríonn i ndáil leis an gComhaontú nó na Táirgí a réiteach ach amháin sa chás go bhfuil an Sealbhóir ina thomhaltóir faoin Acht um Chearta do Thomhaltóirí 2022 agus nach bhfuil sé ina shainchónaí in Éirinn ag an am a dtagann an t-aighneas chun cinn, agus sa chás sin beidh dlínse neamheisiach ag cúirteanna na hÉireann chun aon aighnis a thagann chun cinn i dtaca leis an gComhaontú nó na Táirgí a réiteach.
  24. Sonraí Teagmhála maidir le Seirbhís do Chustaiméirí

    Seo a leanas na sonraí teagmhála reatha i gcomhair gach fiosrúchán a bhaineann le táirgí Coigilteas Stáit na hÉireann (agus is féidir iad a nuashonrú ó am go ham):

    Suíomh Gréasáin – www.StateSavings.ie

    Teileafón – 0818 20 50 60/ 01 705 7200

    Ríomhphost – Service@StateSavings.ie

    Tabhair cuairt ar – aon Oifig Phoist 

    Post – Coigilteas Stáit na hÉireann, Ard-Oifig an Phoist, SAORPHOST, Baile Átha Cliath 1, D01 F5P2


Coinníollacha ar leith maidir le Bannaí Coigiltis

Bannaí Coigiltis (an 18ú hEisiúint) – Téarma 3 bliana – Toradh Iomlán 4%

Arna eisiúint de bhun Alt 54 den Acht Airgeadais, 1970 arna leasú.

Baineann na Téarmaí agus Coinníollacha Ginearálta a bhaineann le Táirgí Coigiltis Stáit áirithe, ar féidir iad a leasú ó am go chéile de réir choinníoll 13 (Leasuithe ar na Téarmaí agus Coinníollacha Ginearálta seo) díobh, le Bannaí Coigiltis agus ionchorpraítear anseo iad trí thagairt. Tá na Téarmaí agus Coinníollacha Ginearálta agus na Coinníollacha Sonracha (na Coinníollacha Bannaí Coigiltis seo san áireamh) ar fáil ar an suíomh gréasáin.

Forfheidhmiú agus Léirmhíniú

Mura sainmhínítear a mhalairt anseo, beidh an bhrí le téarmaí caipitlithe arna n-úsáid sna téarmaí agus coinníollacha seo a bhaineann le Bannaí Coigiltis (“Coinníollacha na mBannaí Coigiltis”) a shanntar dóibh sna Téarmaí agus Coinníollacha Ginearálta.

I gcás coimhlinte nó doiléire idir na Téarmaí agus Coinníollacha Ginearálta agus Coinníollacha na mBannaí Coigiltis, beidh feidhm ag Coinníollacha na mBannaí Coigiltis.

Baineann Coinníollacha na mBannaí Coigiltis seo leis an 18ú hEisiúint amháin agus tá siad éifeachtach ó Dé Domhnaigh, an 1 Deireadh Fómhair 2023. I gCoinníollacha na mBannaí Coigiltis seo:

Beidh an bhrí ag “Bónas” arna leagan amach i gcoinníoll 2 thíos.

Ciallaíonn “an 18ú hEisiúint” Bannaí Coigiltis arna eisiúint Dé Domhnaigh, an 1 Deireadh Fómhair 2023 nó ina dhiaidh sin agus atá ar fáil lena gceannach go dtí go gcinneann an tAire Airgeadais, ag feidhmiú trí GBCN, a mhalairt.

Ciallaíonn “Dáta Aibíochta” dáta cothrom lae trí bliana ón Dáta Clárúcháin.

Ciallaíonn “Téarma” an tréimhse dar tús an Dáta Clárúcháin agus dar críoch an lá roimh an Dáta Aibíochta.

 

  1. Íos-sealúchais agus Uas-sealúchais san 18ú hEisiúint
    1. Is ionann an t-íos-sealúchas san 18ú hEisiúint ag aon am agus €50.
    2. Faoi réir choinníoll 1.4, féadfaidh duine aonair Bannaí Coigiltis san 18ú hEisiúint a cheannach suas le luach comhiomlán €120,000, d’ainneoin an bhfuil na Bannaí Coigiltis sin ag duine mar Shealbhóir aonair nó mar Chomhshealbhóir.
    3. Níl aon teorainn ar Bhannaí Coigiltis san 18ú hEisiúint atá i seilbh mar thoradh ar:
      1. aistrithe chugat de réir choinníoll 17 (Bás Sealbhóra) de na Téarmaí agus Coinníollacha Ginearálta; agus/nó
      2. infheistíocht a dhéanann tú le fáltais tráth aibíocht Táirgí eile.
    4. Chun críocha comhbhailiú uas-sealúchas aon duine aonair san 18ú hEisiúint a ríomh, cuirfear aon Bhannaí Coigiltis atá agat de réir choinníoll 1.3 le haon Bhannaí Coigiltis san 18ú hEisiúint a ceannaíodh cheana. Má shroicheann nó má sháraíonn duine a n-uasteorainn mar gheall ar an ríomh seo, ní ghlacfar le haon hiarratas eile chun Bannaí Coigiltis san 18ú hEisiúint a cheannach.
    5. Chun críocha uas-sealúchais chomhiomlán Chomhshealbhóirí san 18ú hEisiúint a ríomh, measfar go mbeidh codanna comhionanna de Phríomh-mhéid Banna Coigiltis ag gach Comhshealbhóir agus roinnfear go cothrom é idir gach duine de na Comhshealbhóirí.
    6. Chun críocha comhiomlán sealúchais aon duine aonair san 18ú hEisiúint, ní chuirfear aon Bhannaí Coigiltis i seilbh carthanais, comhlachta neamhchorpraithe nó cara-chumainn a bhfuil baint ag an duine aonair leo sa áireamh agus ní áireofar é ach i ríomh na huasteorann sealúchais don charthanas, chomhlacht neamhchorpraithe nó cara-chumainn sin.
  2. Íocaíocht Bónais
    1. Beidh bónas iníoctha ar Dhuaisbhannaí (“Bónas”), de réir an choinníll seo, ar a luaithe díobh seo:
      1. an Dáta Aibíochta, nó
      2. dáta na Fuascailte Luath.
    2. I gcás go gcoinnítear iad go dtí deireadh an Téarma, is ionann méid iomlán an Bhónais iníoctha leat agus 4% den Phríomh-mhéid amhail an Dáta Aibíochta.
    3. I gcás go bhfuasclaítear Bannaí Coigiltis (ina n-iomláine nó i bpáirt) roimh chomóradh an chéad bhliain ón Dáta Clárúcháin, ríomhfar an Bónas iníoctha chugat ag ráta 0.00% in aghaidh na bliana ar an gcuid den Phríomhshuim atá á fuascailt don líon laethanta ó Dháta an Chlárúchán (san áireamh) go dtí dáta na Fuascailte Luath (nach bhfuil san áireamh).
    4. I gcás go bhfuasclaítear Bannaí Coigiltis (ina n-iomláine nó i bpáirt) ar chomóradh an chéad bhliain ón Dáta Clárúcháin nó ina dhiaidh, is é an Bónas iníoctha chugat ag suim:
      1. an méid a ríomhtar tríd an gcuid den Phríomhshuim atá á fuascailt, Céatadán de Bhónas Carnach Iomlán a thugtar le fios i dTábla 1 thíos don chothrom lae is déanaí den Dáta Clárúcháin, agus
      2. méid ríofa ag ráta 0.00% in aghaidh na bliana ar an gcuid den Phríomhshuim atá á fuascailt don líon laethanta (más ann dóibh) ó (agus lena n-áirítear) dáta an chothrom lae is déanaí ón Dáta Clárúcháin chuig dáta na Fuascailte Luath (ach gan é a bheith sa áireamh).

Tábla 1

Comóradh Bliana an Dáta Clárúcháin a dtarlaíonn an fhuascailt air nó ina dhiaidh sin

Céatadán de Bhónas Carnach Iomlán

0.00%

2.00%

4.00%

Sampla de thoradh (príomhshuim agus Ús) ar Phríomhshuim €1,000

€1,000 

€1,020 

€1,040 

SAMPLA –  Más ionann Príomh-mhéid Banna Coigiltis agus €1,000 agus má fhuasclaítear é ina iomláine tar éis 2 bhliain agus 160 lá, is ionann an Bónas iníoctha: €20.00 (agus Céatadán de Bhónas Carnach Iomlán 2.00% dlite ar an 2ú cothrom lae den Dáta Clárúcháin á chur i bhfeidhm); agus €0.00 (agus an ráta bliantúil 0.00% á chur i bhfeidhm ar an 160 lá ón dara chothrom lae den Dáta Clárúcháin chuig dáta na Fuascailte Luath (ach gan é a bheith san áireamh), a thabharfaidh Bónas iomlán iníoctha €20.00 agus toradh iomlán (Príomh-mhéid agus Bónas) €1,020.

  1. Fógra maidir le Dáta Aibíochta
    1. Ar a laghad 10 Lá Gnó roimh an Dáta Aibíochta, déanfaimid teagmháil leat i scríbhinn:
      1. chun tú a chur ar an eolas maidir leis an Dáta Aibíochta agus an t-iomlán iníoctha leat; agus
      2. lena iarradh ort treoracha a thabhairt maidir le híocaíocht na suime sin.
    2. Coinneoimid an t-iomlán iníoctha leat go dtí go bhfaighimid treoracha. Ba cheart duit a thabhairt faoi deara, nach bhfabhróidh aon Bhónas ná méid eile i ndáil le Bannaí Coigiltis san 18ú hEisiúint ar an Dáta Aibíochta nó ina dhiaidh sin.
  2. Cánachas
    1. Níl an Bónas faoi réir Cháin Choinneála ar Ús Taisce, agus tá sé díolmhaithe ó Cháin Ioncaim, Árachas Sóisialach Pá-Choibhneasa agus ón Muirear Sóisialta Uilíoch. Tá Bannaí Coigiltis san 18ú hEisiúint díolmhaithe ó Cháin Ghnóthachan Caipitiúil in Éirinn.
    2. D’fhéadfadh dliteanais chánacha eile bheith agat ag brath ar do chúinsí áirithe. Mholfaimis dá bhrí sin go rachaidh tú i gcomhairle le do Chomhairleoir Cánach.

 

Cairteacha Coigiltis (an 25ú hEisiúint) – Téarma 5 Bliana – Toradh Iomlán 9%

Arna eisiúint de bhun alt 30 den Acht Airgeadais, 1940 (arna leasú) agus reachtaíocht eile. 

Leagtar amach na Rialacha a fholaíonn Cairteacha Coigiltis (an 25ú hEisiúint), arna ndéanamh ag GBCN. Arna eisiúint de bhun Alt 30 den Acht Airgeadais, 1940 agus reachtaíocht eile in Ionstraim Reachtúil. Le haghaidh do chaoithiúlachta, leagtar amach thíos na Coinníollacha ar leith infheidhmithe le Cairteacha Coigiltis sa 25ú hEisiúint atá san Ionstraim Reachtúil sin:

Féadfar na Téarmaí agus Coinníollacha Ginearálta is infheidhme le Táirgí Coigilteas Stáit áirithe a leasú ó am go ham de réir choinníoll 13 (Leasuithe leis na Téarmaí agus Coinníollacha Ginearálta seo) díobh sin, agus tá feidhm acu le Cairteacha Coigiltis agus tá siad ionchorpraithe anseo trí thagairt. Tá na Téarmaí agus Coinníollacha Ginearálta agus na Coinníollacha ar leith (lena n-áirítear na Coinníollacha Cairteacha Coigiltis seo) ar fáil ar an suíomh gréasáin.

Forfheidhmiú agus Léirmhíniú

Mura sainmhínítear a mhalairt anseo, beidh an bhrí le téarmaí caipitlithe arna n-úsáid sna téarmaí agus coinníollacha seo a bhaineann le Cairteacha Coigiltis (“Coinníollacha na gCairteacha Coigiltis”) a shanntar dóibh sna Téarmaí agus Coinníollacha Ginearálta.

I gcás coimhlinte nó doiléire idir na Téarmaí agus Coinníollacha Ginearálta agus Coinníollacha na gCairteacha Coigiltis, beidh feidhm ag Coinníollacha na gCairteacha Coigiltis.

Baineann Coinníollacha na gCairteacha Coigiltis seo leis an 25ú hEisiúint amháin agus tá siad i bhfeidhm ó Dé Domhnaigh, an 1 Deireadh Fómhair 2023. 

I gCoinníollacha na gCairteacha Coigiltis seo:

Beidh an bhrí ag “Ús” arna leagan amach i gcoinníoll 2 thíos.

Ciallaíonn “an 25ú hEisiúint” Cairteacha Coigiltis arna eisiúint Dé Domhnaigh, an 1 Deireadh Fómhair 2023 nó ina dhiaidh sin agus atá ar fáil lena gceannach go dtí go gcinneann an tAire Airgeadais, ag feidhmiú trí GBCN a mhalairt.

Ciallaíonn “Dáta Aibíochta” dáta cothrom lae cúig bliana ón Dáta Clárúcháin.

Ciallaíonn “Téarma” an tréimhse dar tús an Dáta Clárúcháin agus dar críoch an lá roimh an Dáta Aibíochta.

  1. Íos-sealúchais agus Uas-sealúchais sa 25ú hEisiúint
    1. Is ionann an t-íos-sealúchas sa 25ú hEisiúint ag aon am agus €50.
    2. Faoi réir choinníoll 1.4, féadfaidh duine aonair Cairteacha Coigiltis sa 25ú hEisiúint a cheannach suas le luach comhiomlán €120,000, d’ainneoin an bhfuil na Cairteacha Coigiltis ag duine mar Shealbhóir aonair nó mar Chomhshealbhóir.
    3. Níl aon teorainn ar Chairteacha Coigiltis sa 25ú hEisiúint atá i seilbh mar thoradh ar:
      1. aistrithe chugat de réir choinníoll 17 (Bás Sealbhóra) de na Téarmaí agus Coinníollacha Ginearálta; agus/nó
      2. infheistíocht a dhéanann tú le fáltais tráth aibíocht Táirgí eile.
    4. Chun críocha uas-sealúchais chomhiomlán aon duine aonair sa 25ú hEisiúint a ríomh, cuirfear aon Chairteacha Coigiltis atá agat de réir choinníoll 1.3 le haon Chairteacha Coigiltis sa 25ú hEisiúint a ceannaíodh cheana. Má shroicheann nó má sháraíonn duine a n-uasteorainn mar gheall ar an ríomh seo, ní ghlacfar le haon hiarratas eile chun Cairteacha Coigiltis sa 25ú hEisiúint a cheannach.
    5. Chun críocha uas-sealúchais chomhiomlán Chomhshealbhóirí sa 25ú hEisiúint a ríomh, measfar go mbeidh codanna comhionanna de Phríomh-mhéid Cairteacha Coigiltis ag gach Comhshealbhóir agus roinnfear go cothrom é idir gach duine de na Comhshealbhóirí.
    6. Chun críocha comhiomlán sealúchais aon duine aonair sa 25ú hEisiúint, ní chuirfear aon Chairteacha Coigiltis i seilbh carthanais, comhlachta neamhchorpraithe nó cara-chumainn a bhfuil baint ag an duine aonair leo sa áireamh agus ní áireofar é ach i ríomh na huasteorann sealúchais don charthanas, chomhlacht neamhchorpraithe nó cara-chumainn sin.
  2. Íocaíocht Úis
    1. Beidh ús iníoctha ar Chairteacha Coigiltis (“Ús”), de réir an choinníll seo, ar a luaithe díobh seo:
      1. an Dáta Aibíochta, nó
      2. dáta na Fuascailte Luath.
    2. I gcás go gcoinnítear iad go dtí deireadh an Téarma, is ionann méid iomlán an Úis iníoctha leat agus 9% den Phríomh-mhéid amhail 
       an Dáta Aibíochta.
    3. I gcás go bhfuasclaítear Cairteacha Coigiltis (ina n-iomláine nó i bpáirt) roimh chomóradh an chéad bhliain ón Dáta Clárúcháin, ríomhfar an tÚs iníoctha chugat ag ráta 0.00% in aghaidh na bliana ar an gcuid den Phríomhshuim atá á fuascailt don líon laethanta ó Dháta an Chlárúchán (san áireamh) go dtí dáta na Fuascailte Luath (nach bhfuil san áireamh).
    4. I gcás go bhfuasclaítear Cairteacha Coigiltis (ina n-iomláine nó i bpáirt) ar chomóradh an chéad bhliain ón Dáta Clárúcháin nó ina dhiaidh, is é an tÚs iníoctha chugat ag suim:
      1. an méid a ríomhtar tríd an gcuid den Phríomhshuim atá á fuascailt, Céatadán d’Ús Carnach Iomlán a thugtar le fios i dTábla 1 thíos don chothrom lae is déanaí den Dáta Clárúcháin, agus
      2. méid ríofa ag ráta 0.00% in aghaidh na bliana ar an gcuid den Phríomhshuim atá á fuascailt don líon laethanta (más ann dóibh) ó (agus lena n-áirítear) dáta an chothrom lae is déanaí ón Dáta Clárúcháin chuig dáta na Fuascailte Luath (ach gan é a bheith sa áireamh).

Tábla 1

Comóradh Bliana an Dáta Clárúcháin a dtarlaíonn an fhuascailt air nó ina 
 dhiaidh sin

Céatadán d’Ús Carnach Iomlán

0.00%

1.50%

2.50%

4.50%

9.00%

Sampla de thoradh (príomhshuim agus ús) ar phríomhshuim €1,000

€1,000 

€1,015 

€1,025 

€1,045 

€1,090 

SAMPLA – Más ionann Príomh-mhéid Cairt Choigiltis agus €1,000 agus má fhuasclaítear é ina iomláine tar éis 2 bhliain agus 160 lá, is ionann an tÚs iníoctha: €15.00 (agus Céatadán d’Ús Carnach Iomlán 1.5% dlite ar an 2ú cothrom lae den Dáta Clárúcháin á chur i bhfeidhm); agus €0.00 (agus an ráta bliantúil 0.00% á chur i bhfeidhm ar an 160 lá ón 2ú cothrom lae den Dáta Clárúcháin chuig dáta na Fuascailte Luath (ach gan é a bheith san áireamh), a thabharfaidh Ús iomlán iníoctha €15.00 agus toradh iomlán (Príomh-mhéid agus Ús) €1015.00.

  1. Fógra maidir le Dáta Aibíochta
    1. Ar a laghad 10 Lá Gnó roimh an Dáta Aibíochta, déanfaimid teagmháil leat i scríbhinn:
      1. chun tú a chur ar an eolas maidir leis an Dáta Aibíochta agus an t-iomlán iníoctha leat; agus
      2. lena iarradh ort treoracha a thabhairt maidir le híocaíocht na suime sin.
    2. Coinneoimid an t-iomlán iníoctha leat go dtí go bhfaighimid treoracha. Ba cheart duit a thabhairt faoi deara, nach bhfabhróidh aon Ús ná méid eile i ndáil le Cairteacha Coigiltis sa 25ú hEisiúint ar an Dáta Aibíochta nó ina dhiaidh sin.
  2. Cánachas
    1. Níl an t-ús faoi réir Cáin Choinneála ar Ús Taisce, agus tá sé díolmhaithe ó Cháin Ioncaim, ó Árachas Sóisialach Pá-Choibhneasa agus ón Muirear Sóisialta Uilíoch. Tá Cairteacha Coigiltis sa 25ú hEisiúint díolmhaithe ó Cháin Ghnóthachan Caipitiúil in Éirinn.
    2. D’fhéadfadh dliteanais chánacha eile bheith agat ag brath ar do chúinsí áirithe. Mholfaimis dá bhrí sin go rachaidh tú i gcomhairle le do Chomhairleoir Cánach.


Tráthchoigiltis (an 17ú hEisiúint) – Téarma 6 Bliana – Toradh Iomlán 10%

Arna eisiúint de bhun Alt 53 den Acht Airgeadais, 1970.

Féadfar na Téarmaí agus Coinníollacha Ginearálta is infheidhme le Táirgí Coigilteas Stáit áirithe a leasú ó am go ham de réir choinníoll 13 (Leasuithe leis na Téarmaí agus Coinníollacha Ginearálta seo) díobh sin, agus tá feidhm acu le Tráthchoigilteas agus tá siad ionchorpraithe anseo trí thagairt. Tá na Téarmaí agus Coinníollacha Ginearálta agus na Coinníollacha ar leith (lena n-áirítear na Coinníollacha Tráthchoigilteas seo) ar fáil ar an suíomh gréasáin.

Forfheidhmiú agus Léirmhíniú

Mura sainmhínítear a mhalairt anseo, beidh an bhrí le téarmaí caipitlithe arna n-úsáid sna téarmaí agus coinníollacha seo a bhaineann le Tráthchoigilteas (“Coinníollacha Tráthchoigiltis”) a shanntar dóibh sna Téarmaí agus Coinníollacha Ginearálta.

I gcás coimhlinte nó doiléire idir na Téarmaí agus Coinníollacha Ginearálta agus Coinníollacha Tráthchoigiltis, beidh feidhm ag Coinníollacha Tráthchoigiltis.

Baineann Coinníollacha na dTráthchoigilteas seo leis an 17ú hEisiúint amháin agus tá siad i bhfeidhm ó Dé Domhnaigh, an 1 Deireadh Fómhair 2023. 

Sna Coinníollacha Tráthchoigiltis seo:

Ciallaíonn “Tréimhse Ranníocaíochta” an tréimhse dar tús an Dáta Clárúcháin agus dar críoch an lá deireanach den 11ú mí tar éis an

mhí ina bhfuil an Dáta Aibíochta.

Beidh an bhrí ag “Ús” arna leagan amach i gcoinníoll 2 thíos.

Ciallaíonn “Tréimhse ina dTuilltear Ús” an tréimhse 5 bliana dar tús lá tar éis deiridh na Tréimhse Ranníocaíochta agus dar críoch an lá roimh an Dáta Aibíochta.

Ciallaíonn “an 17ú hEisiúint” Tráthchoigiltis arna eisiúint Dé Domhnaigh, an 1 Deireadh Fómhair 2023 nó ina dhiaidh sin agus atá ar fáil lena gceannach go dtí go gcinneann an tAire Airgeadais, ag feidhmiú trí GBCN a mhalairt.

Ciallaíonn “Dáta Aibíochta” dáta cothrom lae cúig bliana ó dháta tosaithe na Tréimhse ina dTuilltear Ús.

Ciallaíonn “Téarma” an tréimhse dar tús an Dáta Clárúcháin agus dar críoch an lá roimh an Dáta Aibíochta.

  1. Tráthchoigilteas Míosúla
    1. Is ionann an íos-tráthchuid mhíosúil gur féidir a dhéanamh sa 17ú hEisiúint i rith na Tréimhse Ranníocaíochta agus €25.
    2. Is ionann an uas-tráthchuid mhíosúil chomhiomlán gur féidir a dhéanamh in aon sealúchas sa 17ú hEisiúint i rith na Tréimhse Ranníocaíochta agus €1,000, d’ainneoin an líon Sealbhóirí. Ní sháróidh uas-tráthchuid mhíosúil aon duine aonair, pé bealach a íoctar í, mar Shealbhóir aonair nó mar Chomhshealbhóir, €1,000.
    3. Is ionann an méid iomlán arna choigilt i rith aon Tréimhse Ranníocaíochta agus tráthchoigilteas arna íoc i ngach ceann de 12 mhí na Tréimhse Ranníocaíochta. Féadfar íocaíocht a dhéanamh ag aon am i rith gach ceann de na míonna ábhartha, faoi réir na huasteorann tráthchoda chomhiomlán €1,000 dá dtagraítear i gcoinníoll 1.2.
    4. Ní cheadaítear aon Fhuascailt Luath ar na tráthchodanna i rith na Tréimhse Ranníocaíochta. Beidh tionchar ag Fuascailt Luath gach tráthchoda roimh éag na Tréimhse Ranníocaíochta ar chríochnú na sealúchais Tráthchoigiltis ábhartha agus ní ghlacfar le haon tráthchoigilteas eile. Féadfaidh sealbhóirí, áfach, tús a chur le sealúchais Tráthchoigiltis trí Fhoirm Iarratais nua a chomhlánú.
    5. Caithfear le tráthchoigilteas a leanfar ag íoc tar éis na Tréimhse Ranníocaíochta mar shealúchais Tráthchoigiltis nua agus beidh siad faoi réir na dTéarmaí agus Coinníollacha Ginearálta agus na gCoinníollacha ar leith atá i bhfeidhm ar dháta tosaithe na sealúchais Tráthchoigiltis nua sin.
  2. Íocaíocht Úis
    1. Beidh ús iníoctha ar Thráthchoigilteas (“Ús”), de réir an choinníll seo, ar a luaithe díobh seo:
      1. an Dáta Aibíochta, nó
      2. dáta na Fuascailte Luath.

        Níl aon ús iníoctha i rith na Tréimhse Ranníocaíochta.


    2. I gcás go gcoinnítear iad go dtí deireadh an Téarma, is ionann méid iomlán an Úis iníoctha leat agus 10% den Phríomh-mhéid amhail an Dáta Aibíochta.
    3. I gcás go bhfuasclaítear Tráthchoigilteas (ina n-iomláine nó i bpáirt) roimh chomóradh an chéad bhliain ón dáta a dtosaíonn an Tréimhse ina dTuilltear Ús, ríomhfar an tÚs iníoctha chugat ag ráta 0.00% in aghaidh na bliana ar an gcuid den Phríomhshuim atá á fuascailt don líon laethanta ó thosaíonn an Tréimhse ina dTuilltear Ús (san áireamh) go dtí dáta na Fuascailte Luath (nach bhfuil san áireamh).
    4. I gcás go bhfuasclaítear Tráthchoigilteas (ina n-iomláine nó i bpáirt) ar chomóradh an chéad bhliain ón dáta ar a dtosaíonn an Tréimhse ina dTuilltear Ús, is é an tÚs iníoctha chugat ag suim:
      1. an méid a ríomhtar tríd an gcuid den Phríomhshuim atá á fuascailt, Céatadán d’Ús Carnach Iomlán a thugtar le fios i dTábla 1 thíos don chothrom lae is déanaí den dáta a dtosaíonn an Tréimhse ina dTuilltear Ús, agus
      2. méid ríofa ag ráta 0.00% in aghaidh na bliana ar an gcuid den Phríomhshuim atá á fuascailt don líon laethanta (más ann dóibh) ó (agus lena n-áirítear) dáta an chothrom lae is déanaí ón dáta a dtosaíonn an Tréimhse a dTuilltear Ús chuig dáta na Fuascailte Luath (ach gan é a bheith sa áireamh).


Tábla 1

Comóradh Bliana thús na Tréimhse ina dTuilltear Ús a dtarlaíonn an fhuascailt air nó ina dhiaidh sins

Céatadán d’Ús Carnach Iomlán

0.00%

1.50%

2.50%

6.00%

10.00%

Sampla de thoradh (príomhshuim agus ús) ar phríomhshuim €1,000

€1,000 

€1,015 

€1,025 

€1,060 

€1,100 

SAMPLA – Más ionann Príomh-mhéid Tráthchoigiltis agus €1,000 agus má fhuasclaítear iad ina n-iomláine tar éis 2 bhliain agus 160 lá ó thús na Tréimhse ina dTuilltear Ús, is ionann an tÚs iníoctha: €15 (agus Céatadán d’Ús Carnach Iomlán 1.50% dlite ar an 2ú cothrom lae den dáta ar thosaigh an Tréimhse ina dTuilltear Ús á chur i bhfeidhm); agus €0.00 (agus an ráta bliantúil 0.00% á chur i bhfeidhm ar an 160 lá ón dara chothrom lae den dáta ar thosaigh an Tréimhse ina dTuilltear Ús chuig dáta na Fuascailte Luath (ach gan é a bheith san áireamh), a thabharfaidh Ús iomlán iníoctha €15.00 agus toradh iomlán (Príomh-mhéid agus Ús) €1,015.00. Chun aon amhras a sheachaint, ní thabhófar aon ús i rith na Tréimhse Ranníocaíochta.

  1. Fógra maidir le Dáta Aibíochta
    1. Déanfaimid teagmháil leat i scríbhinn 10 Lá Gnó ar a laghad roimh an Dáta Aibíochta:
      1. chun tú a chur ar an eolas maidir leis an Dáta Aibíochta agus maidir leis an méid iomlán atá iníoctha leat; agus
      2. chun iarraidh ort treoracha a thabhairt maidir leis an méid sin a íoc.
    2. Coinneoimid an méid iomlán atá iníoctha leat go dtí go bhfaighimid na treoracha sin. Ba cheart duit a thabhairt faoi deara, nach bhfabhróidh aon Ús ná méid eile i ndáil le Tráthchoigilteas sa 17ú hEisiúint ar an Dáta Aibíochta nó ina dhiaidh sin.
  2. Cánachas
    1. Níl an t-ús faoi réir Cáin Choinneála ar Ús Taisce, agus tá sé díolmhaithe ó Cháin Ioncaim, ó Árachas Sóisialach Pá-Choibhneasa agus ón Muirear Sóisialta Uilíoch. Tá Tráthchoigilteas sa 17ú hEisiúint díolmhaithe ó Cháin Ghnóthachan Caipitiúil in Éirinn.
    2. D’fhéadfadh dliteanais chánacha eile bheith agat ag brath ar do chúinsí áirithe. Mholfaimis dá bhrí sin go rachaidh tú i gcomhairle le do Chomhairleoir Cánach.
  3. Grúpscéimeanna Coigiltis
    1. Féadfaidh fostóirí grúpscéimeanna coigiltis a fheidhmiú thar ceann a bhfostaithe, i gcás go n-asbhaintear tráthchodanna ó phá Sealbhóirí agus go bhfuasclaítear iad chuig Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (nó a Ghníomhairí). Féadfaidh comhaltaí na scéimeanna sin tráthchoigilteas a íoc ar bhonn seachtainiúil, coicísiúil nó míosúil, ach faoi réir na dteorainneacha arna leagan síos i gcoinníoll 1 de seo i gcónaí. Ba cheart Foirmeacha Iarratais comhlánaithe chun méid na tráthchoda míosúil a athrú a thabhairt don fhostóir a bhfuil an grúpscéim coigiltis á feidhmiú acu.
    2. I gcás grúpscéimeanna coigiltis, teastaíonn fógra míosa roimh ré chun aistarraingt a dhéanamh i rith na Tréimhse Ranníocaíochta, agus d’aistarraingtí i rith na Tréimhse ina dTuilltear Ús tá feidhm ag an nós imeachta a leagtar amach i gcoinníoll 10 (Aibíocht agus Fuascailt Luath) de na Téarmaí agus Coinníollacha Ginearálta.


Bannaí Dlúthpháirtíochta Náisiúnta (an 9ú hEisiúint) – Téarma 10 mbliana – Toradh Iomlán 22%

Arna eisiúint de bhun Alt 54 den Acht Airgeadais, 1970 arna leasú.

Féadfar na Téarmaí agus Coinníollacha Ginearálta is infheidhme le Táirgí Coigilteas Stáit áirithe a leasú ó am go ham de réir choinníoll 13 (Leasuithe leis na Téarmaí agus Coinníollacha Ginearálta seo) díobh sin, agus tá feidhm acu le Bannaí Dlúthpháirtíochta Náisiúnta agus tá siad ionchorpraithe anseo trí thagairt. Tá na Téarmaí agus Coinníollacha Ginearálta agus na Coinníollacha ar leith (lena n-áirítear na Coinníollacha Bannaí Dlúthpháirtíochta Náisiúnta seo) ar fáil ar an suíomh gréasáin.

Forfheidhmiú agus Léirmhíniú

Mura sainmhínítear a mhalairt anseo, beidh an bhrí le téarmaí caipitlithe arna n-úsáid sna téarmaí agus coinníollacha seo a bhaineann le Bannaí Dlúthpháirtíochta Náisiúnta (“Coinníollacha na mBannaí Dlúthpháirtíochta Náisiúnta”) a shanntar dóibh sna Téarmaí agus Coinníollacha Ginearálta.

I gcás coimhlinte nó doiléire idir na Téarmaí agus Coinníollacha Ginearálta agus Coinníollacha na mBannaí Dlúthpháirtíochta Náisiúnta, beidh feidhm ag Coinníollacha na mBannaí Dlúthpháirtíochta Náisiúnta.

Baineann Coinníollacha na mBannaí Dlúthpháirtíochta Náisiúnta seo leis an 9ú hEisiúint amháin agus tá siad éifeachtach ó Dé Domhnaigh, an 1 Deireadh Fómhair 2023.

I gCoinníollacha na mBannaí Dlúthpháirtíochta Náisiúnta seo:

Beidh an bhrí ag “Bónas” arna leagan amach i gcoinníoll 2 thíos.

Ciallaíonn “an 9ú hEisiúint” Bannaí Dlúthpháirtíochta Náisiúnta arna eisiúint Dé Domhnaigh, an 1 Deireadh Fómhair 2023 nó ina dhiaidh sin agus atá ar fáil lena gceannach go dtí go gcinneann an tAire Airgeadais, ag feidhmiú trí GBCN a mhalairt.

Ciallaíonn “Dáta Aibíochta” dáta cothrom lae deich mbliana ón Dáta Clárúcháin.

Ciallaíonn “Téarma” an tréimhse dar tús an Dáta Clárúcháin agus dar críoch an lá roimh an Dáta Aibíochta.

  1. Íos-sealúchais agus Uas-sealúchais sa 9ú hEisiúint
    1. Is ionann an t-íos-sealúchas sa 9ú hEisiúint ag aon am agus €50.
    2. Faoi réir choinníoll 1.4, féadfaidh duine aonair Bannaí Dlúthpháirtíochta Náisiúnta sa 9ú hEisiúint a cheannach suas le luach comhiomlán €120,000, d’ainneoin an bhfuil na Bannaí Dlúthpháirtíochta Náisiúnta sin ag duine mar Shealbhóir aonair nó mar Chomhshealbhóir.
    3. Níl aon teorainn ar Bhannaí Dlúthpháirtíochta Náisiúnta sa 9ú hEisiúint atá i seilbh mar thoradh ar:
      1. aistrithe chugat de réir choinníoll 17 (Bás Sealbhóra) de na Téarmaí agus Coinníollacha Ginearálta; agus/nó
      2. infheistíocht a dhéanann tú le fáltais tráth aibíocht Táirgí eile.
    4. Chun críocha comhbhailiú uas-sealúchas aon duine aonair sa 9ú hEisiúint a ríomh, cuirfear aon Bhannaí Dlúthpháirtíochta Náisiúnta (10 mBliana) atá agat de réir choinníoll 1.3 le haon Bhannaí Dlúthpháirtíochta Náisiúnta sa 9ú hEisiúint a ceannaíodh cheana. Má shroicheann nó má sháraíonn duine a n-uasteorainn mar gheall ar an ríomh seo, ní ghlacfar le haon iarratas eile chun Bannaí Dlúthpháirtíochta Náisiúnta sa 9ú hEisiúint a cheannach.
    5. Chun críocha uas-sealúchas comhiomlán Comhshealbhóra sa 9ú hEisiúint a ríomh, measfar go mbeidh codanna comhionanna de Phríomh-mhéid Bannaí Dlúthpháirtíochta Náisiúnta ag gach Comhshealbhóir agus roinnfear go cothrom é idir gach duine de na Comhshealbhóirí.
    6. Chun críocha uas-sealúchas comhiomlán aon duine aonair sa 9ú hEisiúint a ríomh, ní chuirfear aon Bhannaí Dlúthpháirtíochta Náisiúnta i seilbh carthanais, comhlachta neamhchorpraithe nó cara-chumainn a bhfuil baint ag an duine aonair leo san áireamh agus ní áireofar é ach i ríomh na huasteorann sealúchais don charthanas, comhlacht neamhchorpraithe nó cara-chumainn sin.
  2. Íocaíocht Bónais
    1. Beidh bónas iníoctha ar Bhanna Dlúthpháirtíochta Náisiúnta (“Bónas”), de réir an choinníll seo, ar a luaithe díobh seo:
      1. an Dáta Aibíochta, nó
      2. dáta na Fuascailte Luath.
    2. I gcás go gcoinnítear iad go dtí deireadh an Téarma, is ionann méid iomlán an Bhónais iníoctha leat agus 22% den Phríomh-mhéid amhail an Dáta Aibíochta.
    3. I gcás go bhfuasclaítear Bannaí Dlúthpháirtíochta Náisiúnta (ina n-iomláine nó i bpáirt) roimh chomóradh an chéad bhliain ón Dáta Clárúcháin, ríomhfar an Bónas iníoctha chugat ag ráta 0.00% in aghaidh na bliana ar an gcuid den Phríomhshuim atá á fuascailt don líon laethanta ó Dháta an Chlárúchán (san áireamh) go dtí dáta na Fuascailte Luath (nach bhfuil san áireamh).
    4. I gcás go bhfuasclaítear Bannaí Dlúthpháirtíochta Náisiúnta (ina n-iomláine nó i bpáirt) ar chomóradh an chéad bhliain ón Dáta Clárúcháin nó ina dhiaidh, is é an Bónas iníoctha chugat ag suim:
      1. an méid a ríomhtar tríd an gcuid den Phríomhshuim atá á fuascailt, Céatadán de Bhónas Carnach Iomlán a thugtar le fios i dTábla 1 thíos don chothrom lae is déanaí den Dáta Clárúcháin; agus
      2. méid ríofa ag ráta 0.00% in aghaidh na bliana ar an gcuid den Phríomhshuim atá á fuascailt don líon laethanta (más ann dóibh) ó (agus lena n-áirítear) dáta an chothrom lae is déanaí ón Dáta Clárúcháin chuig dáta na Fuascailte Luath (ach gan é a bheith sa áireamh).


Tábla 1

Comóradh Bliana an Dáta Clárúcháin a dtarlaíonn an fhuascailt air nó ina dhiaidh sin

10ú

Céatadán de Bhónas Carnach Iomlán

0.00%

1.00%

2.00%

3.00%

6.00%

8.00%

10.00%

13.00%

16.00%

22.00%

Sampla de thoradh (príomhshuim agus Ús) ar phríomhshuim €1,000

€1,000 

€1,010 

€1,020 

€1,030 

€1,060 

€1,080 

€1,100 

€1,130 

€1,160 

€1,220 

SAMPLA – Más ionann Príomh-mhéid Banna Dlúthpháirtíochta Náisiúnta agus €1,000 agus má fhuasclaítear é ina iomláine tar éis 2 bhliain agus 160 lá, is ionann an Bónas iníoctha: €10.00 (agus Céatadán de Bhónas Carnach Iomlán 1.00% dlite ar an 2ú cothrom lae den Dáta Clárúcháin á chur i bhfeidhm); agus €0.00 (agus an ráta bliantúil 0.00% á chur i bhfeidhm ar an 160 lá ón 2ú cothrom lae den Dáta Clárúcháin chuig dáta na Fuascailte Luath (ach gan é a bheith san áireamh), a thabharfaidh Bónas iomlán iníoctha   €10.00 agus toradh iomlán (Príomh-mhéid agus Bónas) €1,010.00.

 

  1. Fógra maidir le Dáta Aibíochta
    1. Ar a laghad 10 Lá Gnó roimh an Dáta Aibíochta, déanfaimid teagmháil leat i scríbhinn:
      1. chun tú a chur ar an eolas maidir leis an Dáta Aibíochta agus an t-iomlán iníoctha leat; agus
      2. lena iarradh ort treoracha a thabhairt maidir le híocaíocht na suime sin.
    2. Coinneoimid an t-iomlán iníoctha leat go dtí go bhfaighimid treoracha. Ba cheart duit a thabhairt faoi deara, nach bhfabhróidh aon Bhónas ná méid eile i ndáil le Bannaí Dlúthpháirtíochta Náisiúnta sa 9ú hEisiúint ar an Dáta Aibíochta nó ina dhiaidh sin.
  2. Cánachas
    1. Níl an Bónas faoi réir Cháin Choinneála ar Ús Taisce, agus tá sé díolmhaithe ó Cháin Ioncaim, Árachas Sóisialach Pá-Choibhneasa agus ón Muirear Sóisialta Uilíoch. Tá Bannaí Dlúthpháirtíochta Náisiúnta sa 9ú hEisiúint díolmhaithe ó Cháin Ghnóthachan Caipitiúil in Éirinn.
    2. D’fhéadfadh dliteanais chánacha eile bheith agat ag brath ar do chúinsí áirithe. Mholfaimis dá bhrí sin go rachaidh tú i gcomhairle le do Chomhairleoir Cánach.


Duaisbhannaí – is é 1.00% faoi láthair an ráta % athraitheach a úsáidtear chun an duaischiste a ríomh

Arna eisiúint de bhun Chuid V den Acht Airgeadais (Forála Ilghnéitheacha), 1956 agus Rialacháin na nDuaisbhannaí 1993 (arna leasú).

Baineann na Téarmaí agus Coinníollacha Ginearálta a bhaineann le Táirgí Coigiltis Stáit áirithe, ar féidir iad a leasú ó am go chéile de réir choinníoll 13 (Leasuithe ar na Téarmaí agus Coinníollacha Ginearálta seo) díobh, le Duaisbhannaí agus ionchorpraítear anseo iad trí thagairt. Tá na Téarmaí agus Coinníollacha Ginearálta agus na Coinníollacha Sonracha (na Coinníollacha Duaisbhannaí seo san áireamh) ar fáil ar an suíomh gréasáin.

Forfheidhmiú agus Léirmhíniú

Mura sainmhínítear a mhalairt anseo, beidh an bhrí le téarmaí caipitlithe arna n-úsáid sna téarmaí agus coinníollacha seo a bhaineann le Duaisbhannaí (“Coinníollacha na nDuaisbhannaí”) a shanntar dóibh sna Téarmaí agus Coinníollacha Ginearálta.

I gcás coimhlinte nó doiléire idir na Téarmaí agus Coinníollacha Ginearálta agus Coinníollacha na nDuaisbhannaí, beidh feidhm ag Coinníollacha na nDuaisbhannaí.

Tá Coinníollacha na nDuaisbhannaí seo i bhfeidhm ó Dé Domhnaigh, an 1 Deireadh Fómhair 2023.

Eisceachtaí leis na Téarmaí agus Coinníollacha Ginearálta – I gCoinníollacha na nDuaisbhannaí seo, níl feidhm ag na Téarmaí agus Coinníollacha Ginearálta seo:

6.1- Níl aon ráiteas bliantúil ar do shealúchas. Féadfaidh tú ráiteas maidir le do shealúchas a iarradh, ag am ar bith.

7.1 - Níl aon fhoráil le haghaidh cealú ach is féidir gach duaisbhanna a bhriseadh 90 lá ó chláraítear i dtosach iad.

8.1 - Is ionann an t-uaslíon daoine i gcomhshealúchas agus beirt.

10 - Níl aon dáta aibíochta. Is féidir Duaisbhannaí a choinneáil gan chríoch, ach caithfear iad a choinneáil ar feadh 90 lá ar a laghad ó chláraítear ar dtús iad.

  1. Eisiúint Duaisbhannaí
    1. Leithdháilfear sraithuimhir aonair do gach Duaisbhanna a cheannaítear.  Eiseofar teastas banna ar a mbeidh an tsraithuimhir ábhartha de gach Duaisbhanna a cheannaítear chuig an Sealbhóir tríd an bpost chuig a seoladh cláraithe nó ar bhealach agus/nó formáid eile (lena n-áirítear modh(anna) agus/nó formáid(í) leictreonach(a)). I gcás ina gcuirtear Sealbhóir ar an eolas faoi shraithuimhir/shraithuimhreacha ábhartha an Duaisbhanna/na nDuaisbhannaí trí mhodh nó formáid leictreonach, is ionann an fógra sin agus an teastas/na teastais b(h)anna don Duaisbhanna/do na Duaisbhannaí sin chun gach críoch. 
    2. Maidir le fáltais ó dhuaiseanna Duaisbhannaí, féadfaidh an Sealbhóir roghnú chun na fáltais sin a fháil trí: (a) ríomhaistriú airgid (“EFT”) chuig cuntas a ainmníonn an Sealbhóir chun na críche sin; nó (b) ath-infheistiú uathoibríoch na nduaiseanna sin i nDuaisbhannaí breise. I gcás go bhfuair an Sealbhóir fáltais ó dhuaiseanna Duaisbhannaí cheana le seic agus nach bhfuil a sonraí cuntais curtha ar fáil acu chun críocha EFT, ath-infheisteofar na fáltais ar fad ó dhuaiseanna go huathoibríoch i nDuaisbhanna(í) breise. 
    3. I gcás go n-eisítear Duaisbhannaí nua do Shealbhóir aonair nó Comhshealbhóirí mar thoradh ar ath-infheistíocht uathoibríoch fáltais ó dhuaiseanna Duaisbhannaí reatha, caithfear leis an eisiúint Duaisbhannaí nua sin chun gach críoch mar cheannachán de chuid an tSealbhóra aonair nó na gComhshealbhóirí agus na fáltais ábhartha mar airgead ceannacháin do na Duaisbhannaí nua sin. 
  2. Íos-sealúchais agus Uas-sealúchais
    1. Díoltar Duaisbhannaí in aonaid €6.25. Is ionann an t-íos-sealúchas ag aon am agus €25 (4 aonad).
    2. Faoi réir choinníoll 2.7, is ionann an uasteorainn sealúchais do Dhuaisbhannaí a chuirtear leis an gClár i d’ainm ar an 1 Samhain 2015 nó ina dhiaidh agus €250,000, cuma cé acu atá na Duaisbhannaí sin agat mar Shealbhóir aonair nó mar Chomhshealbhóir.
    3. Níl aon teorainn ar Dhuaisbhannaí atá i seilbh mar thoradh ar
      1. aistrithe chugat de réir choinníoll 17 (Bás Sealbhóra) de na Téarmaí agus Coinníollacha Ginearálta; agus/nó
      2. Duaisbhannaí arna n-eisiúint chugat mar thoradh ar ath-infheistiú uathoibríoch na bhfáltas ó dhuaiseanna Duaisbhannaí; agus/nó
      3. infheistíocht a rinne tú ar fháltais duais Dhuaisbhannaí laistigh de 30 lá ó dháta na tarraingthe inar bhuaigh tú an duais.
    4. Chun críocha uasteorainn shealúchais Chomhshealbhóirí a ríomh i nDuaisbhannaí nua a chláraítear ar an 1 Samhain 2015 nó ina dhiaidh, measfar go mbeidh codanna comhionanna den tsuim ag gach Comhshealbhóir agus roinnfear go cothrom é idir gach duine de na Comhshealbhóirí.
    5. I gcás go n-aistríonn tú na Duaisbhannaí go hairgead chun Duaisbhannaí a cheannach, beidh an ceannach nua seo faoi réir teorainneacha.
    6. I gcás go bhfaightear iarratas chun Duaisbhannaí a cheannach a sáródh an páirtí aonair an uasteorainn shealúchais mar thoradh air, ní phróiseálfar an t-iarratas agus aisíocfar luach iomlán an iarratais.
    7. Chun críche comhbhailiú uas-sealúchas duine aonair a ríomh, cuirfear aon Duaisbhannaí atá i seilbh de réir choinníoll 2.3 le haon Duaisbhannaí a bhí ceannaithe ag an duine aonar sin cheana ar an 1 Samhain 2015 nó ina dhiaidh. Má shroicheann nó má sháraíonn duine a (h)uasteorainn shealúchais mar gheall ar an ríomh seo, ní chlárófar aon Duaisbhannaí eile don duine sin.
    8. Chun críocha comhiomlán sealúchais aon duine aonair a ríomh, ní chuirfear aon Duaisbhannaí i seilbh carthanais, comhlachta neamhchorpraithe nó cara-chumainn a bhfuil baint ag an duine aonair leo sa áireamh agus ní áireofar é ach i ríomh na huasteorann sealúchais don charthanas, chomhlacht neamhchorpraithe nó cara-chumainn sin.
  3. Tarraingt Duaise
    1. Reáchtálfar tarraingt duaise, ar a laghad, i ndáil le gach seachtain den bhliain féilire, ag eatraimh a fhaomhfaidh GBCN ó am go ham. Beidh sé de cheart ag an GBCN freisin (ar a lánrogha iomlán) an líon tarraingtí duaise a athrú ag aon am.
    2. Cuirtear gach Duaisbhanna i ngach tarraingt duaise agus tá deis aige duais amháin a bhuachan.
    3. Ní íoctar aon ús le Sealbhóirí Duaisbhannaí. Ina ionad sin, dáiltear luach an chiste duaise ar bhuaiteoirí na tarraingtí duaise.
  4. Struchtúr na nDuaiseanna
    1. Déantar luach an chiste duais míosúil a athríomh ag tús gach mí féilire trí ráta chéatadán inathraitheach (0.35% faoi láthair) a chur i bhfeidhm ar luach gach Duaisbhanna atá fágtha ag deireadh na míosa roimhe.
    2. Ag am ar bith féadfaidh GBCN an ráta athraitheach céatadáin a úsáidtear chun an duaischiste a ríomh a leasú, luach na nduaiseanna agus struchtúr na nduaiseanna a athrú. Fógrófar aon athrú den chineál sin sna meáin phríomhshrutha agus ar StateSavings.ie.
    3. Seo a leanas struchtúr na nduaiseanna faoi láthair –
      Bronntar duais €500,000 sa tarraingt dheireanach de gach mí féilire.
      Is ionann na duaiseanna eile i ngach tarraingt agus: 
      €50,000 x 1 duais 
      €1,000 x 20 duais 
      €500 x 20 duais 
      €75 x gach duais eile go dtí go mbeidh an duaischiste don tarraingt sin caite go hiomlán.
    4. Cuirfear gach buaiteoir duaise ar an eolas tríd an bpost chuig a seoladh cláraithe nó trí fhoirm chumarsáide eile (lena n-áirítear trí mhodh leictreonach).
    5. Mar a luaitear i gcoinníoll 1.2 thuas, eiseofar gach fáltas ó dhuaiseanna Duaisbhannaí le Sealbhóirí trí EFT nó ath-infheisteofar iad go huathoibríoch i nDuaisbhannaí breise. Coinneofar gach duais Duaisbhanna nár éilíodh roimhe seo gan chríoch go dtí go n-éilítear iad.
  5. Cánachas
    1. Níl duaiseanna ó Dhuaisbhannaí faoi réir Cháin Choinneála ar Ús Taisce, agus tá siad díolmhaithe ó Cháin Ioncaim, Árachas Sóisialach Pá-Choibhneasa agus ón Muirear Sóisialta Uilíoch. Tá Duaisbhannaí díolmhaithe ó Cháin Ghnóthachan Caipitiúil in Éirinn.
    2. D’fhéadfadh dliteanais chánacha eile bheith agat ag brath ar do chúinsí áirithe. Mholfaimis dá bhrí sin go rachaidh tú i gcomhairle le do Chomhairleoir Cánach.
  6. Sonraí Teagmhála

    Gréasán – www.StateSavings.ie

    Ríomhphost – PrizeBonds@StateSavings.ie 

    Teileafón – 0818 20 50 60 / 01 705 7200

    Seoladh Poist – Coigilteas Stáit na hÉireann – Duaisbhannaí, Cill Orglan, Saorphost, Co. Chiarraí, V93 WN9T