Fógra um Chosaint Sonraí Coigilteas Stáit na hÉireann

Is é Ireland State Savings/Coigilteas Stáit Éireann an t-ainm branda a úsáideann Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta ("GBCN") agus táirgí coigiltis á dtairiscint acu do dhaoine aonair thar ceann an Aire Airgeadais ag gníomhú dó de bhun na gcumhachtaí a thugtar do GBCN leis an Acht um Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta 1990 (arna leasú) agus reachtaíocht ghaolmhar. Agus tú ag tabhairt cuairte ar an láithreán gréasáin seo, féadfaidh An Post agus/nó Cuideachta na nDuaisbhannaí, ag gníomhú di mar ghníomhairí GBCN, arb é an rialaitheoir sonraí é, roinnt de do shonraí pearsanta a phróiseáil mar phróiseálaí sonraí de réir na reachtaíochta cosanta sonraí is infheidhme agus chun na críche atá leagtha amach i Ráiteas Cosanta Sonraí Coigilteas Stáit Éireann. Mar shampla, d'fhéadfadh do sheoladh ríomhphoist a bheith san áireamh sna sonraí pearsanta sin (má roghnaíonn tú teagmháil a dhéanamh le Coigilteas Stáit na hÉireann trí aon seoladh ríomhphoist atá liostaithe ar an láithreán gréasáin) agus do sheoladh Prótacal Idirlín (nó IP).  

Chun tuilleadh eolais a fháil, go háirithe maidir le do chearta um chosaint sonraí agus conas teagmháil a dhéanamh le Comhordaitheoir Cosanta Sonraí Coigilteas Stáit na hÉireann, féach Ráiteas Cosanta Sonraí Coigilteas Stáit na hÉireann atá ar fáil anseo. Cuirtear naisc chuig láithreáin ghréasáin sheachtracha eile isteach mar áis duit agus níl Coigilteas Stáit na hÉireann freagrach as ábhar ná as polasaithe príobháideachais aon láithreáin ghréasáin sheachtracha.
 

An nuashonrú is deireanaí: Nollaig 2023