Fáilte go dtí Coigilteas Stáit na hÉireann

Cuirimid bealach simplí ar fáil do gach duine in Éirinn le coigilt a dhéanamh, beag beann ar mhéid nó ar fhad an choigiltis.
Féach tríd ár rogha fairsing táirgí; cibé rud a bhfuil tú ag coigilt dó, tá rogha againn a oirfidh duit.

Tá Coigilteas Stáit na hÉireann ag athbhrandáil. Tabharfaidh tú athruithe faoi deara ar chumarsáid oifigiúil ar nós litreacha agus Deimhnithe Duaisbhannaí.  Níl aon athrú ar ár gcuid táirgí nó ár gcuid rátaí.

Cén fáth ar chóir duit Coigilteas Stáit na hÉireann a roghnú?

  • Amharc ar do shealúchais agus déan bainistiú air le Choigiltis Stáit na hÉireann ar Líne
  • Aisíocaíocht a fuarthas isteach i do chuntas bainc
  • Cuirtear duaisbhannaí isteach i gcrannchuir sheachtainiúla
  • Baineann táirgí coigiltis saor ó cháin* le gach ceann de tháirgí Coigilteas Stáit na hÉireann seachas Cuntas Taisce
  • Tá cosaint 100% ó Stát na hÉireann ag Coigilteas Stáit
  • Níl aon táillí, coimisiúin díolacháin ná muirir idirbhirt i gceist
Tuilleadh eolais

Tá an Táirge Coigiltis ceart againn duitse

Cibé an bhfuil sé beartaithe agat teach a cheannach, airgid a choigilt ar mhaithe le todhchaí do pháistí, pleanáil le haghaidh dul ar scor nó díreach rud éigin a chur ar leataobh le haghaidh lá báistí, tá táirgí ag Coigilteas Stáit a oirfidh duit.

Duaisbhannaí

Tugann duaisbhannaí bealach iontach duit chun coigilt a dhéanamh, agus seans chun buachan ag an am céanna. Le tarraingtí seachtainiúla agus pota óir gach mí, b’fhéidir go mbuafá, ach ní chaillfidh tú choíche.

Duaisbhannaí

Duaisbhannaí

Déan coigillt agus bíodh seans agat buachan, gach uile sheachtain.

Duaisbhannaí mar Bhronntanas

Duaisbhannaí mar Bhronntanas

Is cuma cén ócáid, is iontach an bronntanas iad Duaisbhannaí i gcónaí.

Smaointe le haghaidh Coigiltis

“Cuir crann inniu, ionas gur féidir le do leanaí leas a bhaint as a scáth.” Cibé rud a bhfuil tú ag coigilt dó, tá rogha ag Coigilteas Stáit a oirfidh duit.