Ráiteas um Chosaint Sonraí Choigilteas Stáit na hÉireann

1. Cé muid féin

Is é Coigilteas Stáit na hÉireann an t-ainm branda a úsáideann Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (“GBCN”) chun cur síos a dhéanamh ar an raon táirgí coigiltis a thairgeann GBCN.

Nuair a chuireann tú airgead i gCoigilteas Stáit na hÉireann, tá tú ag cur d’airgid faoi chúram Rialtas na hÉireann go díreach. Bainistíonn GBCN an t-airgead uile a bhíonn ag Coigilteas Stáit na hÉireann. Tá dualgas díreach gan choinníoll ar Rialtas na hÉireann airgead iomlán Choigilteas Stáit na hÉireann a aisíoc.

Tairgeann an tAire Airgeadais táirgí Choigilteas Stáit na hÉireann ag gníomhú dó trí GBCN de bhun na gcumhachtaí a thugtar do GBCN tríd an Acht um Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta, 1990, agus Ordú an Achta um Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta, 1990 (Tarmligean agus Dearbhú maidir le Feidhmeanna) 1990 (I.R. Uimh. 277 de 1990).

Riarann An Post agus an Chuideachta Duais-Bhannaí1Coigilteas Stáit na hÉireann mar ghníomhairí GBCN. Is é GBCN an rialtóir sonraí le haghaidh na sonraí pearsanta a chuireann tú ar fáil, agus is iad An Post agus an Chuideachta Duais-Bhannaí na próiseálaithe sonraí a ghníomhaíonn thar ceann GBCN.

Tá tuilleadh faisnéise faoin gcaoi a bhféadfadh GBCN do Shonraí Pearsanta a phróiseáil i Ráiteas um Chosaint Sonraí GBCN ag https://www.ntma.ie/ga/information-pages/ráiteas-um-chosaint-sonraí nó téigh i dteagmháil le hOifigeach Cosaint Sonraí GBCN ag dpo@ntma.ie.

1Is comhfhiontar idir An Post agus Fexco í an Chuideachta Duais-Bhannaí

 

2. An Réamhrá

Tá Coigilteas Stáit na hÉireann tiomanta dár n-oibleagáidí a chomhlíonadh maidir le próiseáil Sonraí Pearsanta faoi dhlíthe maidir le cosaint sonraí. Is é cuspóir an Ráitis um Chosaint Sonraí seo (“an Ráiteas”) a chinntiú go gcomhlíonfaimid ár n-oibleagáidí trédhearcachta de bhun an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí (AE 2016/679) (“RGCS”) agus na nAchtanna um Chosaint Sonraí 1988–2018, a dtugtar an “Dlí maidir le Cosaint Sonraí” orthu le chéile. Leagtar amach sa Ráiteas faisnéis faoinár ndualgais agus ár bhfreagrachtaí i dtaobh Sonraí Pearsanta a chosaint.

Déanfaidh Coigilteas Stáit na hÉireann (“muid”) do Shonraí Pearsanta a bhailiú agus a phróiseáil, chomh maith le faisnéis eile a bhaineann le do phlé linn, i dtaobh Choigilteas Stáit na hÉireann. Mínítear sa ráiteas seo an chaoi a mbainistímid do Shonraí Pearsanta a bhaineann le Coigilteas Stáit na hÉireann, an fáth a n-úsáidimid iad, agus an chaoi ar féidir leat teagmháil a dhéanamh linn. Tugtar breac-chuntas sa Ráiteas seo freisin ar ár ndualgais agus ár bhfreagrachtaí i leith chosaint do Shonraí Pearsanta agus cearta ábhar sonraí chuige sin. Tá faisnéis faoinár ngníomhaíochtaí Próiseála a bhaineann lenár suíomh gréasáin ar fáil inár mBeartas maidir le Príobháideachas agus Fianáin ár Suímh Gréasáin.

Ní ráiteas uileghabhálach é an Ráiteas seo ar ár gcleachtais cosanta sonraí. Forbróidh an chaoi a bpróiseálaimid sonraí le himeacht aimsire agus nuashonróimid an Ráiteas seo ó am go chéile chun cleachtais athraithe a léiriú. Anuas air sin, tá roinnt beartais agus nósanna imeachta inmheánacha i bhfeidhm againn don ionad oibre a bhfuil nasc acu leis an Ráiteas um Chosaint Sonraí seo. Mar shampla, tá beartais agus nósanna imeachta inmheánacha ag Coigilteas Stáit na hÉireann a rialaíonn Sárú Sonraí Pearsanta, Cearta Ábhar Sonraí, Slándáil Faisnéise agus Coinneáil Sonraí.

Anuas air sin, chun ár n-oibleagáidí trédhearcachta faoin Dlí maidir le Cosaint Sonraí a chomhlíonadh, cuimseoimid an Ráiteas um Chosaint Sonraí seo trí thagairt dó i bpointí éagsúla na gabhála sonraí a úsáidimid, ar nós foirmeacha iarratais agus foirmeacha suímh gréasáin.

Sa chás gur gá dúinn do Shonraí Pearsanta a phróiseáil nó go mbíonn oibleagáid dhlíthiúil orainn Sonraí Pearsanta áirithe a bhaineann leat a bhailiú (chun cloí lenár n-oibleagáidí Frithsciúrtha Airgid, mar shampla), ní bheimid in ann an táirge nó an tseirbhís a d’iarr tú a sholáthar duit mura dtugann tú an fhaisnéis sin dúinn.

 

3. Na cineálacha faisnéise a bhailímid

Ciallaíonn Sonraí Pearsanta aon fhaisnéis atá ag Coigilteas Stáit na hÉireann nó a fhaighimid nó a sholáthraíonn tú, amhail d’ainm, do sheoladh, do sheoladh ríomhphoist, d’uimhir/uimhreacha gutháin, agus do dháta breithe, faisnéis trína bhféadfaí thú a aithint go pearsanta go díreach nó go hindíreach, agus áirítear leis cáipéisí aitheantais, uimhir phearsanta seirbhísí poiblí (UPSP), uimhreacha cuntais, seoltaí IP agus aitheantóirí ar líne.

Féadfaidh Coigilteas Stáit na hÉireann Catagóirí Speisialta Sonraí (sonraí a bhaineann le sláinte, mar shampla) agus sonraí a bhaineann le cionta coiriúla i gcúinsí teoranta a phróiseáil, go hiondúil maidir le seiceálacha dícheallachta cuí a dhéantar chun cur in aghaidh sciúradh airgid, chun gníomhaíocht mhírialta cuntais a fhiosrú nó nuair a roghnaigh tú faisnéis sláinte a thabhairt dúinn agus fiosrú á dhéanamh agat faoi do chuntas.

 

4. An chaoi a bhfaighimid do chuid Faisnéise

Gheobhaimid cuid de do Shonraí Pearsanta uaitse go díreach, nuair a chomhlánaíonn tú foirm iarratais le haghaidh Choigilteas Stáit na hÉireann cuir i gcás, agus nuair a dhéanann tú idirbheart ar do chuntas le Coigilteas Stáit na hÉireann, trínár suíomh gréasáin, ar an nguthán nó ag cuntar Oifige Poist ina measc.

Anuas air sin, féadaimid sonraí a fháil fút nuair a dhéanann tú fiosruithe faoi tháirgí Choigilteas Stáit na hÉireann ar fhoirm idirlín, i gcomhrá gréasáin, nó i ríomhphost (mar shampla, trí Service@StateSavings.ie, PrizeBonds@StateSavings.ie) nó ag cuntar Oifige Poist.

D’fhéadfaimis cuid de d’fhaisnéis a fháil go hindíreach freisin, ó fhoinsí éagsúla, amhail do chomhshealbhóir(í) cuntais, agus/nó ónár soláthraithe seirbhísí, ar nós díoltóirí a sholáthraíonn bunachair sonraí seiceála le cur in aghaidh sciúradh airgid agus le haghaidh smachtbhannaí.

Chun imeascadh airgeadais a uasmhéadú, féadfaidh Coigilteas Stáit na hÉireann glacadh le Cárta Seirbhísí Poiblí mura bhfuil aon chruthúnas eile ag custaiméir ar a n-ainm, chun críche an imeasctha airgeadais. Féadfar an Rolla Toghthóirí a sheiceáil chun seoladh custaiméara a fhíorú mura bhfuil aon chruthúnas eile acu ar a seoladh. Cuireann sé sin ar chumas custaiméirí leas a bhaint as Coigilteas Stáit na hÉireann nach mbeadh in ann déanamh amhlaidh murach sin.

 

5. An fáth a gcoinnímid do chuid Faisnéise agus an chaoi a n-úsáidimid í

Úsáidfimid do Shonraí Pearsanta, ach a mhéid is gá:

  • chun an conradh a rinne tú linn nuair a cheannaigh tú táirgí Choigilteas Stáit na hÉireann a fheidhmiú, eadhon:
  • chun seirbhísí a sholáthar duit, agus chun táirgí Choigilteas Stáit na hÉireann de do chuid a chur ar bun agus a riar;
  • chun teagmháil a dhéanamh leat más gá mar gheall ar fhiosruithe, gearáin nó moltaí maidir le do tháirgí le Coigilteas Stáit na hÉireann, nó chun dul i ngleic leo siúd, nó mar gheall ar idirbhearta ar do tháirgí le Coigilteas Stáit na hÉireann nó idirbhearta a bhaineann leis na táirgí sin, nó chun dul i ngleic leo.
  • chun ár n-oibleagáidí dlíthiúla a chomhlíonadh, lena n-áirítear:
  • chun frithsciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chomhrac (ar a dtugtar “AML” le chéile) agus chun cosc a chur ar chalaois;
  • chun oibleagáidí infheidhme cánach agus tuairisceoireachta rialála a chomhlíonadh;
  • nuair a ordaíonn cúirt nó údarás inniúil eile ag a bhfuil an dlínse iomchuí dúinn faisnéis a nochtadh.
  • chun tasc a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil atá dílsithe in GBCN a fheidhmiú, lena n-áirítear:
  • chun glaonna gutháin agus cumarsáid leictreonach a thaifeadadh chun caolais agus coiriúlacht a chosc, chun cabhrú le seirbhísí custaiméara a fheabhsú, chun fianaise ar threoracha a thaispeáint nó chun aighneas a chosc nó a réiteach;
  • chun críocha oibriúcháin agus gnó ó lá go lá, lena n-áirítear tuairisciú boird agus grúpa agus críocha bainistíochta;
  • chun comhairle a fháil ónár gcomhairleoirí seachtracha dlí agus eile;
  • chun cabhrú linn ár seirbhísí agus ár gcórais a fheabhsú, agus d’eispéireas ar ár seirbhísí gréasáin agus ar líne a fheabhsú. Nuair is féidir, úsáidfidh An Post sonraí sintéiseacha nó sonraí anaithnidithe chun tabhairt faoi thástálacha córais TF chun seirbhísí a fheabhsú. Sa chás go n-úsáidfimid do shonraí pearsanta, cuirfimid srian ar rochtain ar na sonraí sin agus scriosfaimid na sonraí cóipe sin tar éis don tástáil a chur i gcrích go sásúil;
  • chun anailís a dhéanamh ar thaighde margaidh, staidrimh agus forbairt táirgí.
  • nuair is gá chun cearta dlíthiúla Choigilteas Stáit na hÉireann a bhunú, a fheidhmiú nó a chosaint nó chun críche imeachtaí dlíthiúla.

 

6. Nuair a nochtaimid do chuid Faisnéise

Ní nochtaimid aon chuid de do Shonraí Pearsanta d’aon tríú pháirtí, ach amháin mar atá thuasluaite agus/nó mar a leanas:

  • nuair a bhíonn nochtadh riachtanach le cur ar ár gcumas ár n-oibleagáidí faoinár gcomhaontú leat a chomhlíonadh;
  • le comhlacht reachtúil eile nuair a bhíonn bunús dlíthiúil leis, mar shampla, nuair a bhíonn sé riachtanach le calaois a fhiosrú nó a chosc;
  • chun barántúlacht cáipéisí a cuireadh ar fáil dúinn a dheimhniú (mar shampla, d’fhéadfaimis bunachair shonraí sheachtracha agus uirlisí deimhnithe seoltaí eile a úsáid chun aitheantas an chustaiméara a fhíorú);
  • nuair is gá dúinn na Sonraí Pearsanta a sholáthar do chontrapháirtithe in idirbhearta a rinne tú;
  • i gcás comhchuntais, do shealbhóir(í) eile an chuntais;
  • d’aon duine a sholáthraíonn seirbhís dúinn nó a ghníomhaíonn mar ghníomhairí dúinn, a bhféadfadh soláthraithe seirbhíse tríú páirtí a bheith ina measc (Soláthraithe Stórála Cáipéisí, Seirbhís Priontála agus Soláthraithe Seirbhísí TF ina measc)
  • sa chás go ndéanaimid comhaontuithe le tríú páirtithe chun Sonraí Pearsanta a phróiseáil ar ár son, cinnteoimid go bhfuil na cosaintí conarthacha cuí i bhfeidhm Sonraí Pearsanta dá leithéid a chosaint;
  • nuair is gá dúinn do Shonraí Pearsanta a chomhroinnt laistigh de Choigilteas Stáit na hÉireann, Grúpa An Post agus FEXCO mar ghníomhairí GBCN, nó lenár n-iniúchóirí agus lenár gcomhairleoirí dlí agus eile;
  • d’aon sannaí, aistrí, nó comharba (nó d’aon sannaí, aistrí, nó comharba atá beartaithe) atá i dteideal iomlán ár ngnó nó aon chuid ábhartha dár ngnó, agus a n-oifigigh, a bhfostaithe, a ngníomhairí agus a gcomhairleoirí faoi seach; agus
  • má bhíonn oibleagáid dhlíthiúil orainn Sonraí Pearsanta a nochtadh nó má chreideann Coigilteas Stáit na hÉireann de mheon macánta go gceanglaítear orainn iad a nochtadh chun aon dlí infheidhme, toghairm, barántas cuardaigh, ordú cúirte nó rialála, nó próiseas dlíthiúil bailí eile a chomhlíonadh, lena n-áirítear Coigilteas Stáit na hÉireann, nó Grúpa An Post agus FEXCO mar Ghníomhairí ar chearta agus ar mhaoin Choigilteas Stáit na hÉireann a chosaint.
  • Ní aistreoimid do Shonraí Pearsanta lasmuigh den Limistéir Eorpach Eacnamaíoch gan a chinntiú go bhfuil bearta iomchuí ar nós clásail chonartha a d’fhaomh an tAontas Eorpach, measúnuithe ar thionchair aistrithe, de réir mar is cuí, agus bearta éifeachtacha teicniúla agus eagrúcháin i bhfeidhm lena gcosaint.

 

7. Coinneáil do Shonraí Pearsanta

Coinneofar sonraí pearsanta chomh fada is a bhíonn gá chun na gcríoch sin dá ndéantar na sonraí a bhailiú agus de réir ár mBeartais Coinneála. Ciallaíonn sé sin go hiondúil ar feadh na tréimhse a bheidh do chuntas i bhfeidhm agus ar feadh roinnt blianta ina dhiaidh sin a bheidh leordhóthanach chun dul i ngleic le haon fhiosrú ar an gcuntas, mar shampla nuair is gá do Choigilteas Stáit na hÉireann aisíocaíochtaí coigiltis le héilitheoirí a léiriú, neasghaolta custaiméirí nach maireann ina measc.  Seo roinnt samplaí de na cáipéisí a choinnítear agus na tréimhsí coinneála.

CINEÁLACHA CÁIPÉISÍ

AN TRÉIMHSE A gCOINNÍTEAR IAD

Cáipéisí faoi Fhrithsciúradh Airgid

Seacht mbliana i ndiaidh do chunta(i)s a dhúnadh

Cáipéis oscailte cuntais agus an fhaisnéis eile ar fad a bhaineann leis an gcuntas

50 bliain i ndiaidh do chuntas a dhúnadh

Coinnítear cáipéisí cuntais ar feadh 50 bliain i ndiaidh cuntas a dhúnadh chun freagairt d’iarrataí ar aisíocaíochtaí nó éilimh nár aisíocadh na cistí leis an duine ceart.

 

8. Do chearta maidir le do Shonraí Pearsanta

 

Faisnéis faoi do Shonraí Pearsanta a Phróiseáil, a Nuashonrú agus a Cheartú


Tá sé de cheart agat faisnéis mhionsonraithe a fháil faoi phróiseáil do Shonraí Pearsanta (de bhua oibleagáidí trédhearcachta an Rialtóra Sonraí). 

An Ceart go nDéanfaí Ceartúchán


Má tá Sonraí Pearsanta míchearta á gcoinneáil againn fút, tá sé de cheart agat na sonraí a leasú. Cé go ndéanfaimid iarracht réasúnta do Shonraí Pearsanta a choinneáil cothrom le dáta, beidh ort fógra a thabhairt dúinn gan mhoill má thagann aon athrú ar do chúinsí pearsanta, ionas gur féidir linn do Shonraí Pearsanta a choinneáil cothrom le dáta.

Féadfaidh custaiméirí a Sonraí Pearsanta a nuashonrú trí na foirmeacha ábhartha a iarraidh ar líne nó na foirmeacha ábhartha a phriontáil, a shíniú agus a chur faoi bhráid Choigilteas Stáit na hÉireann i dteannta cáipéisí cruthúnais ábhartha chun an t-athrú a dhearbhú. Is féidir na foirmeacha sin a iarraidh freisin trí ríomhphost a chur chuig Service@StateSavings.ie, PrizeBonds@StateSavings.ie, nó trí ghlaoch ar Ionad Glaonna Choigilteas Stáit na hÉireann ar 0818 20 50 60 / 01 705 7200 idir 08:00 – 20:00 ó Luan go hAoine, agus an fhoirm ábhartha a iarraidh. Is féidir leat scríobh chomh maith chuig: Riarachán Custaiméirí, Coigilteas Stáit na hÉireann, 3D, SAORPHOST, Ard-Oifig an Phoist, Baile Átha Cliath 1, DO1 F5P2 chun d’iarraidh a dhéanamh agus na sonraí a leanas a thabhairt:

a) D’ainm agus do sheoladh.
b) D’uimhir aitheantais custaiméara agus/nó d’uimhir chuntais.
c) Cur síos ar na Sonraí Pearsanta ar leith a theastaíonn uait a cheartú.

An Ceart go nDéanfaí Léirscriosadh


Tá sé de cheart agat i gcúinsí áirithe go léirscriosfaí do Shonraí Pearsanta atá á gcoinneáil againn. Má iarrann tú do Shonraí Pearsanta a léirscriosadh, léirscriosfar do shonraí ar fad faoi réir an fhógra thábhachtaigh seo a leanas.

Ní cheanglófar orainn do shonraí a léirscriosadh sa chás go gcuirfeadh sé sin cosc orainn ár n-oibleagáidí conarthacha faoi seach a chomhlíonadh, nó sa chás go gceanglaítear orainn do Shonraí Pearsanta a phróiseáil (iad a choinneáil ina measc) chun oibleagáid dhlíthiúil a chomhlíonadh, nó más rud é go bhfuil na Sonraí Pearsanta riachtanach chun cearta dlíthiúla Choigilteas Stáit na hÉireann a bhunú, a fheidhmiú nó a chosaint nó chun críche imeachtaí dlíthiúla.


Ceart Rochtana


Tá sé de cheart agat cóip a fháil de do Shonraí Pearsanta ach í a iarraidh, faoi réir eisceachtaí áirithe.

An Ceart chun Toiliú a Tharraingt Siar


In aon chás ina bhfuilimid ag brath ar do thoiliú chun do Shonraí Pearsanta a phróiseáil, tá sé de cheart agat d’intinn a athrú agus an toiliú a tharraingt siar trí scríobh chugainn mar atá leagtha amach faoi “Teagmháil” thíos.

An Ceart chun Iniomparthacht Sonraí


D’fhéadfadh go bhfuil an ceart chun iniomparthacht sonraí agat freisin i leith cuid de do Shonraí Pearsanta, agus dá bhrí sin féadfaidh tú a iarraidh go soláthróimid iad duit nó do d’ainmní i bhformáid leictreonach sa chás go bhfuil sé sin indéanta go teicniúil. Tabhair faoi deara nach bhfuil coibhéisí ag go leor de tháirgí Choigilteas Stáit na hÉireann ar féidir sonraí pearsanta a aistriú chucu.

Cearta Eile


Tá sé de cheart agat, i gcúinsí áirithe, a iarraidh go gcuirfí srian ar úsáid do Shonraí Pearsanta agus cur in aghaidh úsáidí áirithe do Shonraí Pearsanta, faoi réir na srianta atá leagtha amach i ndlíthe infheidhme maidir le cosaint sonraí i ngach cás. Is féidir tuilleadh eolais faoi na gcearta seo, agus na cúinsí ina bhféadfaidís teacht chun cinn i ndáil leis an bpróiseáil a dhéanaimid ar do Shonraí Pearsanta, a fháil ach teagmháil a dhéanamh linn mar a shonraítear faoi “Teagmháil” thíos.

Ní thugann Coigilteas Stáit na hÉireann faoi aon chinnteoireacht uathoibrithe ar na Sonraí Pearsanta a sholáthraítear.

Más mian leat do chearta mar atá thuasluaite a éileamh, scríobh chuig: Coigilteas Stáit na hÉireann, 3D, SAORPHOST, Ard-Oifig an Phoist, Baile Átha Cliath 1, D01 F5P2. Rachfar i ngleic le d’iarraidh de réir ár Nós Imeachta maidir le hIarrataí Ábhar Sonraí ar Chearta.

Tabhair faoi deara go bhfuil an ceart againn a éileamh ort thú féin a aithint sula bhfreagróimid aon iarraidh ar rochtain chun a chinntiú nach dtugtar Sonraí Pearsanta ach don ábhar sonraí nó dá ngníomhaire.  D’fhéadfadh feidhm a bheith ag an riachtanas aitheantais sin freisin i gcás cearta ábhair sonraí eile a fheidhmiú. I gcásanna ina ndéanann tríú páirtí, aturnae mar shampla, iarraidh thar ceann ábhar sonraí, éileofar riachtanais oiriúnacha údaraithe agus aitheantais a chomhlíonadh freisin.

Tá sé de cheart agat gearán a chur faoi bhráid an Choimisiúin um Chosaint Sonraí faoin bpróiseáil a dhéanaimid ar do Shonraí Pearsanta. Féach dataprotection.ie. Cé go bhféadfaidh tú gearán dá leithéid a dhéanamh, iarraimid ort teagmháil a dhéanamh le Coigilteas Stáit na hÉireann ar an gcéad dul síos, chun deis a thabhairt dúinn aghaidh a thabhairt ar aon údair imní a d’fhéadfadh a bheith agat.

9. Slándáil Sonraí agus Sárú Sonraí


Tá sraith Beartas agus Nósanna Imeachta Slándála Faisnéise ag Coigilteas Stáit na hÉireann a ceapadh lena chinntiú go bhfuil bearta teicniúla agus eagrúcháin iomchuí i bhfeidhm chun faisnéis a chosaint. Cosnaíonn na bearta sin Sonraí Pearsanta ar scriosadh, úsáid, caillteanas, athrú, nochtadh, éadáil nó rochtain neamhdhleathach nó neamhúdaraithe. Coinnítear Sonraí Pearsanta go sábháilte ag baint úsáid as raon bearta slándála, ina measc, de réir mar is cuí, bearta fisiciúla ar nós caibinéid comhdaithe faoi ghlas, bearta TF ar nós ISO 27001, ionaid sonraí slána, agus rochtain shrianta trí fhormheas agus pasfhocail. Glacaimid bearta freisin lena chinntiú nach mbeidh rochtain ar d’fhaisnéis phearsanta ach ag daoine ag a bhfuil an t-údarú iomchuí.

I gcás sárú Sonraí Pearsanta, tá Nós Imeachta maidir le Sárú Sonraí Pearsanta i bhfeidhm ag Coigilteas Stáit na hÉireann agus déanfaimid bainistiú ar Shárú Sonraí de réir an nós imeachta sin. 

10. Teagmháil


Ba cheart aon cheist nó gearán maidir leis an úsáid a bhainimid as do Shonraí Pearsanta a chur chuig: Príobháideachas Sonraí, Coigilteas Stáit na hÉireann, 2-170 Ard-Oifig an Phoist, Sráid Uí Chonaill, Baile Átha Cliath 1, D01 F5P2 nó i ríomhphost chuig dataprivacy@anpost.ie.

Ráitis Roimhe Seo


Tá leaganacha roimhe seo de Ráiteas um Chosaint Sonraí Choigilteas Stáit na hÉireann ar fáil ach iad a iarraidh.  Téigh i dteagmháil linn ag an seoladh thuasluaite más mian leat cóip de na Ráitis roimhe seo a fháil.

Arna nuashonrú Nollaig 2023