Téarmaí agus Coinníollacha Ginearálta Nuashonraithe maidir le Coigilteas Stáit na hÉireann, le héifeacht ón 31 Iúil 2024

Tabhair faoi deara: Níl aon athrú ar an ráta úis/bónais atá iníoctha ar Tháirgí

Tá nuashonrú á dhéanamh againn ar ár dTéarmaí agus Coinníollacha Ginearálta maidir le Coigilteas Stáit na hÉireann agus tá achoimre ar na príomh-nuashonruithe leagtha amach anseo thíos:

  • Rinneamar na nuashonruithe seo chun léiriú a dhéanamh ar athruithe reachtaíochta agus oibríochtúla a cuireadh i bhfeidhm ó rinneadh an nuashonrú deireanach ar na Téarmaí agus Coinníollacha Ginearálta;
  • Ar mhaithe le hoibleagáidí dlí agus treoir maidir le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoirí a chosc a chomhlíonadh, d’fhéadfaimis faisnéis áirithe a iarraidh uait sula gcuirfear ceannach tháirge Choigilteas Stáit na hÉireann i gcrích. I gcás nach bhfuilimid sásta leis an bhfaisnéis iarrtha a chuirtear ar fáil dúinn, seans go mbeidh orainn do tháirgí Choigilteas Stáit na hÉireann a fhoirceannadh nó a chur ar fionraí chun na hoibleagáidí sin a chomhlíonadh;
  • Tá leagtha amach againn na bealaí inar féidir linn cumarsáid a dhéanamh leat (lena n-áirítear trí Choigilteas Stáit na hÉireann ar Líne agus/nó trí mhodhanna leictreonacha agus/nó tríd an bpost, de réir mar is cuí) agus tá bealaí breise curtha againn leis na bealaí inar féidir leat cumarsáid a dhéanamh linne, i gcúinsí áirithe; agus
  • Sonraímid go ndéanfar íocaíochtaí chugat i leith Tháirge Choigilteas Stáit na hÉireann trí ríomhaistriú airgid chuig cuntas arna ainmniú agatsa, mura gcomhaontaítear a mhalairt.

Tiocfaidh na nuashonruithe ar na Téarmaí agus Coinníollacha Ginearálta i bhfeidhm ar an 31 Iúil 2024 agus tá na Téarmaí agus Coinníollacha nuashonraithe ar fáil ar shuíomh gréasáin Choigilteas Stáit na hÉireann.

Más custaiméir de chuid Choigilteas Stáit na hÉireann cheana féin tú agus má ghlacann tú leis na nuashonruithe seo, ní gá duit rud ar bith eile a dhéanamh faoi láthair.

Mura mian leat glacadh leis na nuashonruithe seo, féadfaidh tú do chomhaontú linn a fhoirceannadh agus do tháirgí Choigilteas Stáit na hÉireann a fhuascailt roimh an 31 Iúil 2024. Más mian leat é sin a dhéanamh, déan teagmháil linn ar 0818 20 50 60 (Luan go hAoine 08.00 go 20.00).

Tabhair faoi deara freisin, ón 31 Iúil 2024 ar aghaidh, go gcaithfidh iarratasóirí atá ag iarraidh táirge Choigilteas Stáit na hÉireann a cheannach den chéad uair iad féin a chlárú mar chustaiméir de chuid Choigilteas Stáit na hÉireann roimh dóibh iarratas a dhéanamh chun táirge Choigilteas Stáit na hÉireann a cheannach.

Má tá tuilleadh eolais uait, déan teagmháil linn ar 0818 20 50 60 (Luan go hAoine 08.00 go 20.00).